Beidh Raidió Fáilte ag reáchtáil cúrsa traenála is scileanna raidió agus craoltóireacht i gcomhar leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Beidh an cúrsa ar siúl idir 2-6pm agus beidh spásanna teoranta ann. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an bealach le clár a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar.

Beidh an cúrsa ar siúl in Áras Raidió Fáilte 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste. Gabh i dteagmháil le Dónall anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

Beidh Raidió Fáilte ag reáchtáil cúrsa nua ionduchtaithe le haghaidh daoine ar spéis leo craoladh sa stáisiún. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an bealach le clár a ullmhú, a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar.

Beidh seisiún foirmiúil traenála amháin ann ina mbeidh na rannpháirtithe ag amharc ar an taobh teoiriciúil den chraoltóireacht agus ina dhiaidh sin cuirfear traenáil aonair ar fáil do rannpháirtithe le go mbeidh siad in ann clár raidió a léiriú.

Beidh dhá chlár raidió le déanamh mar chuid den chúrsa agus deis áit a fháil ar ár gcúrsa ard-scileanna don té a bhainfidh an caighdeán cuí amach.

Iarrtar ar dhaoine ceithre amhrán/píosa ceoil a thabhairt leo ar dlúthdhioscaí/USB ar an chéad lá traenála.