CLÁR NUA LEABHAR

Le Teacht Go Luath

ar Raidio Fáilte

An ábhar iontais duit nach bhfuil clár leabhar Gaeilge le cluinstin áit ar bith sa tir seo faoi láthair?   Ná bí buartha, mar tá an feitheamh thart.   Tagtha chuig Raidió Fáilte anois tá an clár “Leabhragán”.

Smaoineamh an láithreora agus léiritheora Máirín Hurndall atá ann.  Deir sí go raibh spéis aici i gcónaí i gcúrsai Litriochta agus Scríbhneorachta ach, gur shíl sí, b’fhéidir, go raibh na cláir Bhéarla ar an ábhar giota beag ró-acadúil agus gur mhaith léi clár ar “léitheoracht” agus “scríbhneoireacht” a chur ar fáil don ghnáthdhuine.   Mothaíonn sí gur “deartháir don sac an mála” an dá ghniomhaíocht sin.

Laistigh de gach clár beidh agallamh sínte le húdair a d’fhoilsigh leabhar ar na moillibh – agus – rud amháin eile, ina measc siúd beidh míreanna ar “chlubanna leabhar; léirmheasanna; ceardlanna scríbhneoireachta agus irisí a fhoilsíonn litriocht.

Craolfar an clár beoga seo ag tosnú ar an Déardaoin 15 Lúnasa @ 0900 agus ag leanúint go ceann sé seachtaine. Agus arís gach Aoine @ 1700.

Ná caill é!