Oíche Aoine 2 Lúnasa 2019 – Bhí amhránaithe agus ceoltóirí as ceithre chuigí na hÉireann cruinnithe ag Barr a’ Tí in Áras Mhic Reachtain, Bóthar Aontroma, Béal Feirste. Bhí siad ann mar chuid den Oíche Airnéil ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2019. Bhí scoth na n-amhránaithe sean-nóis as Gaeltachtaí éagsúla na hÉireann agus áiteanna eile i láthair ar an oíche, ina measc Irial Ó Ceallaigh as Gaeltacht na Rinne, Port Láirge, Buaiteoir Shean-nós na bhFear 2018; Caitlín Ní Chualáin buaiteoir Chorn Uí Riada 2016 as an Teach Mór, Indreabhán, Conamara; Doimnic Mac Giolla Bríde, buaiteoir Chorn Uí Riada 2009 as Gaoth Dobhair; Mícheál Ó Confhaola, buaiteoir Chorn Uí Riada, 2013 as Casla, Conamara. Na Deartháireacha Ó Dubháin – ceoltóirí agus damhsoirí ar an tsean-nóis as Conamara; Naoise Mac Cathmhaoil agus Clíona Ní Ghallachóir as Gaeltacht Thír Chonaill. Róise Nic Corraidh as Béal Feirste agus Róisín Chambers as Baile Átha Cliatha agus cuid mhór daoine eile nach iad.

 

Taobh amuigh den Oireachtas féin ní minic a bhíonn an oiread talann cruinn san aon seomra amháin. Bhí oíche cheoil agus amhránaíochta a mhair go dtí go mall san oíche. Bhí teach lán ann agus gan ach spás seasaimh ann do dhuine ar bith a tháinig isteach i ndiaidh a 9in.

I mbliana bhí 250 duine ag freastal ar ranganna foghlama Gaeilge ag an scoil samhraidh Gaeilge i dtuaisceart Bhéal Feirste. Cuireann an scoil béim faoi leith ar na healaíona dúchais rud atá follasach ón oíche airnéil. Seo an t-ochtú bliain déag don Scoil Samhraidh a bheith ar siúl agus tá siad ag dul ó neart go neart ó fuair Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, a eagraíonn an féile, a fhoirgneamh trí stór féin “Áras Mhic Reachtain” ar Bhóthar Aontroma Béal Feirste i 2015.

Bhí Raidió Fáilte i láthair ag an oíche airnéil oíche Dé hAoine agus sa chlár seo cluinfidh tú cuid de na buaicphointí ón oíche.