Ciarán Ó Pronntaigh

Ciarán Ó Pronntaigh

Tá Ciarán ag craoladh le Raidió Fáilte ó 2012! Tá meascán de ceoil iontach le cloisteáil ar chlár s'aige, An Taobh Eile, ó a leithéidí The Shins, The National, The Editors agus Band of Horses...

Right Arrow
View Profile
Cillian Breatnach

Cillian Breatnach

Tá Cillian Breatnach ina bhainisteoir ar Raidió Fáilte ó mhí Eanáir 2021 ann. Is minic a bhíonn sé ag cur an chláir Beo Ar Maidin i láthair, Luan-Aoine idir 10:00-11:00 in éineacht le baill eile foirne agus in amanna bíonn sé ag láithriú an chláir Ó Nóin Go Lón. Cuireann sé an clár ceoil Seinnliosta Chormaic i láthair gach Déardaoin 16:00-17:00 agus an ceol ar fad roghnaithe ag a mhac óg, Cormac...

Right Arrow
View Profile

Cormac Ó Briain

Cormac Ó Briain

Is ceoltóir é Cormac 'Buzz' Ó Briain atá ag seinm ceol traidisiúnta le fada ar na píobaí uilleann. Comh maith le sin, is ball é den bhanna ceoil Boss Sound Manifesto, banna reggae agus ska atá lonnaithe i mBéal Feirste! Tá an-dúil ag Cormac i gceol as Iamáice, go háirithe i Reggae luath, i Ska agus i Rocksteady, agus tá an saghas ceol seo le cloisteal ar chlár s'aige, Ag Scancáil sa Chathair! ..

Right Arrow
View Profile

Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh

Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh

Is as Contae an Dúin ó dhúchas do Dhónall, agus tá an-chuid suime aige i gcúrsaí Gaeilge agus i dtraidisiún na nGael in Éirinn ó bhí sé beag bídeach. Tá 2 clár rialta ag Dónall ar Raidió Fáilte: Beomhar agus An Bosca Ceoil, ar a gcloistear ceol traidisiúnta Gaelach. Comh maith le sin, is minic a bhíonn Dónall le cloisteáil ar chraoltaí seachtracha speisialta timpeall na hÉireann!..

Right Arrow
View Profile

Eoghan Ó Néill

Eoghan Ó Néill

Béal Feirsteach é Eoghan atá ag obair le Raidió Fáíilte ón tús. Tá sé ag obair in earnáíl na hiriseoireachta fad a shaol agus is iomaí gradam atá bainte amach aige...

Right Arrow
View Profile
Fergus Ó hÍr

Fergus Ó hÍr

Iar-bhainisteoir Raidió Fáilte agus iar-Phríomhoide Choláiste Feirste, tá an Feirsteach seo ag obair in earnáil na Gaeilge le fada an lá! Tá Fergus le cloisteáil ar na haerthonnta clár s'aige - An Bóthar Ard..

Right Arrow
View Profile



Gearóid Ó Cairealláin

Gearóid Ó Cairealláin

Béal Feirsteach agus Gael go smior é Gearóid. Tá na blianta caite aige ag obair agus ag troid go dícheallach ar son na teanga...

Right Arrow
View Profile
Máire Ní Eafa

Máire Ní Eafa

Rugadh agus tógadh i mBaile Átha Cliath mé ach is breá liom cuairt a thabhairt ar mo chuid cairde i mBéal Feirste. Bhí an-spéis ag mo mháthair sa cheol agus spreag seo spéis s'agam féin sa cheol...

Right Arrow
View Profile

Marcas Ó Cinnéide

Marcas Ó Cinnéide

Tá mé ag ag craoladh le Raidió Fáilte ón fhíorthús. Roimhe sin bhí mé ag obair le hAisling Ghéar ag aisteoireacht trí mheán an Gaeilge. Tá céim agus máistreacht agam sa Ghaeilge...

Right Arrow
View Profile

Pádraig agus Martita Ó Maolchraoibhe

Pádraig agus Martita Ó Maolchraoibhe

Musica Ecuatoriana & Latina Americano curtha i láthair sa Spáinnis agus sa Ghaeilge ag Martita agus ag Pádraig Ó Maolchraoibhe. Is as Eacuadór ó dhúchas do Martita agus is ceoltóir, amhránaí agus cumadóir ceoil í ar stíl Mheiriceá Laidinigh...

Right Arrow
View Profile