Déanfar Athchraoladh ar an chlár Pobal na Gaeilge Talks Back ar an Satharn 10/08/2019 @14:00

Ar an phainéal beidh Máirtín Ó Muilleoir MLA le Sinn Féin, Lynette Fay, láithreoir/iriseoir, Máirín Ní Ghadhra, iriseoir/láithreoir.

Ó Chlár Fhéile an Phobail

“Mar gheall ar rath ár bpríomhimeacht Féile ‘Cur is Cúiteamh Iarthar Bhéal Feirste’ shocraigh muid ceann a reáchtáil i nGaeilge den chéad uair. Beidh deis ag lucht éisteachta ceisteanna a chur bunaithe ar théama na hÉireann Aontaithe agus ar ról na Gaeilge inti móide faoi chúrsaí  na huaire a bhaineann leis an teanga.”