Má iarrtar ort faisnéis a sholáthar agus an Láithreán Gréasáin seo á úsáid agat, chan úsáidtear é ach ar na bealaí a bhfuil cur síos orthu sa Bheartas Príobháideachais Gréasáin seo.

Nuashonraíodh an Beartas Príobháideachta Gréasáin seo an 20 Meitheamh 2019, agus foilsítear an leagan is déanaí ar an leathanach seo.

Réamhrá

Bailímid agus bainimid úsáid as faisnéis áirithe faoi dhaoine aonair chun táirgí agus seirbhísí a sholáthar agus chun feidhmeanna áirithe a chumasú ar an Láithreán Gréasáin seo.

Bailímid faisnéis fosta chun tuiscint níos fearr a fháil ar an dóigh a mbaineann cuairteoirí úsáid as an Láithreán Gréasáin seo agus chun faisnéis thráthúil ábhartha a chur i láthair dóibh.

Cad iad na sonraí a bhailímid

Is féidir linn an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú:

  • Ainm.
  • Seoladh ríomhphoist.
  • Seoladh.
  • Faisnéis maidir le tairiscintí speisialta, suirbhéanna, etc.
  • Sonraí úsáide an láithreáin ghréasáin.

Úsáid Sonraí

Cuidíonn bailiú na sonraí seo linn chun tuiscint a fháil ar an rud atá á lorg ag úsáideoirí ón gcuideachta, ag cur ar ár gcumas táirgí agus seirbhísí feabhsaithe a sheachadadh.

Go sonrach, is féidir linn sonraí a úsáid:

  • Chun ár dtaifid inmheánacha féin a fháil.
  • Na táirgí agus na seirbhísí a chuirimid ar fáil a fheabhsú.
  • Chun dul i dteagmháil leat mar fhreagra ar fhiosrúchán sonrach.
  • An Láithreán Gréasáin a shaincheapadh duit.
  • Chun ríomhphoist fógraíochta a sheoladh chugat maidir le táirgí, seirbhísí, tairiscintí agus rudaí eile a shíleann tú a d’fhéadfadh a bheith ábhartha duit.
  • Chun seoltaí poiblíochta a sheoladh chugat nó chun glaoch ort faoi tháirgí, seirbhísí, tairiscintí agus rudaí eile a shíleann tú a d’fhéadfadh a bheith ábhartha duit.
  • Chun teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost, ar an ghuthán nó tríd an phost ar chúiseanna taighde margaidh.

Fianáin

Cad is fianán ann?

Is comhad beag é fianán a chuirtear ar thiomántán crua do ríomhaire. Leis sin is féidir lenár láithreán gréasáin do ríomhaire/ghléas a aithint agus tú ag amharc ar leathanaigh éagsúla ar ár Láithreán Gréasáin.

Trí leas a bhaint as fianáin cuirtear ar chumas Láithreán Gréasáin agus feidhmchlár do chuid sainroghanna a stóráil chun ábhar, roghanna nó feidhmeanna atá sainiúil duit a chur i láthair. Cuirtear ar ár gcumas fosta teacht ar fhaisnéis amhail cá mhéad duine a úsáideann an Láithreán Gréasáin agus cad iad na leathanaigh a dtagann siad orthu.

Úsáid na bhFianán

Féadfaimid fianáin a úsáid chun:

  • Anailís a dhéanamh ar líon na dtráchtanna gréasáin trí phacáiste anailísíochta a úsáid. Le sonraí úsáide comhiomlánaithe cuidítear linn struchtúr, dearadh, ábhar agus feidhmeanna an Láithreáin Ghréasáin a fheabhsú.
  • Sainaithin an bhfuil tú sínithe isteach inár Láithreán Gréasáin. Ceadaíonn fianán dúinn seiceáil an bhfuil tú sínithe isteach sa suíomh.
  • Ábhar tástála ar ár Láithreán Gréasáin. Mar shampla, d’fhéadfadh 50% dár n-úsáideoirí píosa amháin ábhair a fheiceáil, 50% den ábhar eile sa 50% eile.
  • Stóráil faisnéis faoi do chuid sainroghanna. Is féidir leis an Láithreán Gréasáin faisnéis a chur i láthair a bheidh níos ábhartha agus níos spéisiúla duit.
  • A aithint nuair a fhilleann tú ar ár Láithreán Gréasáin. Is féidir linn an t-ábhar ábhartha a thaispeáint duit, nó feidhmiúlacht a sholáthar a d’úsáid tú roimhe seo.
  • Ní thugann fianáin rochtain dúinn ar do ríomhaire ná aon fhaisnéis fút, seachas an fhaisnéis a roghnaíonn tú a roinnt linn.

Rialú na bhFianáin

Is féidir leat socruithe fianán do bhrabhsálaí gréasáin a úsáid e fáil amach faoin dóigh a n-úsáidtear fianáin ar ár Láithreán Gréasáin. Mura dteastaíonn uait fianáin ár Láithreáin Ghréasáin a stóráil ar do ríomhaire nó ar do ghléas, ba chóir duit do bhrabhsálaí gréasáin a shocrú chun fianáin a dhiúltú.

Mar sin féin, tabhair faoi deara, le do thoil, go ndéanfadh sé seo difear don dóigh a bhfeidhmíonn ár Láithreán Gréasáin. B’fhéidir nach mbeadh roinnt leathanach agus seirbhísí ar fáil duit.

Mura bhfuil do bhrabhsálaí athraithe chun fianáin a dhiúltú, eiseofar fianáin trínár Láithreán Gréasáin nuair a thugann tú cuairt air.

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi fhianáin agus faoin dóigh a mbaintear leas astu, tabhair cuairt ar All About Cookies.

Faisnéis a Rialú maidir leatsa

Cha ndéanann muid do chuid faisnéise pearsanta a léasú, a dháileadh ná a dhíol le tríú páirtithe ach amháin má tá do chead againn nó má éilíonn an dlí orainn sin a dhéanamh.

Déantar aon fhaisnéis phearsanta atá againn fút a stóráil agus a phróiseáil faoinár mbeartas um chosaint sonraí, de réir na Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí 2016.

Slándáil

Coinneoidh muid do chuid faisnéise go daingean i gcónaí.

Chun nochtadh neamhúdaraithe nó rochtain ar do chuid faisnéise a chosc, tá cosaintí láidre slándála fisiciúla agus leictreonacha curtha i bhfeidhm againn.

Fairis sin leanaimid nósanna imeachta diana lena chinntiú go gcaithfidh muid leis na sonraí pearsanta go léir de réir an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí 2016.