Dúirt an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin le scáta díograiseoirí i dtuaisceart Bhéal Feirste an tseachtain seo nach bhfuil rialtas agus státchóras na 26 Chontae dáiríre faoin Ghaeilge ná slánú na nGaeltachtaí. Dúirt sé go bhfuil dul i léig na Gaeltachta ina neamhscéal i saol oifigiúil an stáit ó dheas agus go bhfuil an státchóras ag filleadh ar an status quo a thiomáin creimeadh na Gaeilge go dtí seo.

Ag labhairt i léacht ag Áras Mhic Reachtain, dúirt sé: “Ní amháin go bhfuil polasaithe Gaeilge rialtas na hÉireann ag teip, ach gur cuma leo freisin faoin tsáinn ina bhfuil Gaeil na Gaeltachta.”

Mhaígh sé go bhfuil lucht polasaí ag déanamh neamhairde ar mholtaí fiúntacha a rinneadh i saothair éagsúla taighde a thiocfadh i gcabhair ar an bpobal san éigeandáil a bhfuil siad inti.

Dúirt Ó Giollagáin go bhfuil féiniúlacht shóisialta na nGael á ligean i ndearmad agus gur féiniúlacht shiombalach na Gaeilge atá á cothú go hoifigiúil faoi láthair. Mheabhraigh sé freisin go bhfuil easpa dúshláin á thabhairt do pholasaithe beagfhiúntais mar seo in Éirinn trí chéile.

Éire a lonnú go compordach i ndomhan an Bhéarla is sprioc le polasaithe oifigiúla teanga anois, a dúirt an tOllamh Ó Giollagáin – stát aonteangach san ‘Anglosphere’ a eascróidh as polasaithe laga siombalacha nach mbeidh de rath orthu ach an Ghaeilge a chothú ina ‘caitheamh aimsire’ nó ‘ábhar siamsaíochta’ i measc líon beag daoine.
Thacaigh sé leis an fheachtas le hAcht Gaeilge a bhunú sa Tuaisceart – ach mhol sé nach mór béim a chur ar aidhmeanna praiticiúla a thógfadh pobal Gaeilge seachas aitheantas maorlathach ‘ar pháipéar’.

Agus mhol sé do Ghaeil an Tuaiscirt machnamh a dhéanamh ar na botúin a rinneadh ó dheas.

“Tá Acht Gaeilge inmholta sa mhéid is go gcuirfeadh sé srian ar an DUP atá ag iarraidh stop a chur le bunú Gaelscoileanna. Ach sa stát ó dheas is aitheantas ar pháipéar nach bhfuil mórán brí leis don phobal atá ann – an toradh a bhí air ná polasaithe siombalacha a ghríosadh,” ar sé.
B’fhearr i bhfad “polasaithe sóisialta” a bhaineann le pobal Gaeilge a chothú, cosúil le scéimeanna tithíochta a thógáil fá choinne pobal Gaeilge agus líonraí a thógáil le go mbeadh daoine óga in ann an Ghaeilge a labhairt le Gaeil óga eile taobh amuigh den scoil.

Scríobh an tOllamh Ó Giollagáin, atá lonnaithe in Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán in Albain, saothair éagsúla ar úsáid na Gaeilge sna Gaeltachtaí, agus i bpáipéar amháin rinne sé sraith moltaí leis an chreimeadh a stopadh. “Níor glacadh ach le líon fánach díobh,” a dúirt sé.

I measc na moltaí nár glacadh leo, bhí ceann ann le €5,000 a thabhairt do gach teaghlach sna Gaeltachtaí atá ag tógáil clainne le Gaeilge mar “chúiteamh éigeandála” – do 1,000–2,000 teaghlach a mbeadh costas thart €20 milliún air. Beartas a bheadh ann le bonn a chur faoi labhairt na Gaeilge i measc an phobail an athuair, dar leis. Ach ina áit glacadh le moltaí fiúntacha, dúirt sé go bhfuil polasaí faoi cheilt ag státchóras Átha Claith glacadh le laghdú na nGaeltachtaí. 
Agus dúirt sé go raibh sé mímhorálta a bheith ag áiteamh go bhfuil polasaí Gaeilge ag an stát – go bhfuil siad ag iarraidh an Ghaeilge a shlánú – ach cur chuige éigin eile a chleachtadh go praiticiúil.
“Tá an pobal Gaelach ag imeacht as agus tá modhanna úra de dhíth, ach ina áit sin tá an rialtas agus an státchóras ag leanúint ar aghaidh leis an status quo agus neamhaird a dhéanamh ar na himpleachtaí,” a dúirt sé.
“Tá rogha shoiléir ann: gníomhú de réir na bhfíricí nó glacadh leis an dul i léig.”