Seo chugainn Liú Lúnasa 2019

Dhá imeacht de chuid Liú Lúnasa le bheith ar siúl in Áras Raidió Fáilte

Beidh an féile imill Ghaeilge Liú Lúnasa ag toiseacht ar an 21 Lúnasa 2019 agus ag rith go dtí an 25 Lúnasa.

Tá dhá cheann d’imeachtaí na féile le tarlú in Áras Raidió Fáilte. Ar an Déardaoin beidh an scéalaí Conallach as Ard a’ Rátha i gcontae Dhún na nGall Eithne Ní Ghallachóir, beidh sí faoi agallamh ag Seanán Mac Aoidh atá i mbun PhD sa bhéaloideas.

“Tá an scéalaíocht agus an seanchas á gcleachtadh go tréan i nGaeltachtaí Dhún na nGall agus bhéarfaidh an t-agallamh seo blaiseadh dúinn de na traidisiúin ársa sin.”

Chomh maith leis sin, ar an Déardaoin 22 Lúnasa @ 7in beidh an díospóireacht “An Ghéarcheim Thithíochta in Éirinn ar siúl in Áras Raidió Fáilte.

“Déanfaidh painéal cainte, faoi stiúir an iriseora Ailbhe Ó Monacháin, cíoradh ar cheist na tithíochta in Éirinn. Pléifidh Seán Mac Brádaigh (PPR – Participation and PPractice of Rights), Síomha Ní Aonghusa (PBP – An Pobal Thar Bhrabús), Aindriú de Buitléir (Líonra Tithíochta na hÉireann agus an Páirtí Sóisialta) agus Grian Ní Dhaimhín (Aontas na Mac Leinn, Ollscoil na Banríona) na fadhbanna, cúiseanna agus iarmhairtí atá leis an ghéarchéim seo agus déanfaidh siad réitigh a mholadh.”

Tá clár iomlán na Féile le fáil anseo http://online.fliphtml5.com/pursd/eoun/?1563369464045&fbclid=IwAR2KvVmE5Jn3v2M19xNxMGDgZcRVu0YXUZ6gIrC3bgxB13wkGCW2PPW11Nc#p=7