Beidh seisiún foirmiúil traenála amháin ann ina mbeidh na rannpháirtithe ag amharc ar an taobh teoiriciúil den chraoltóireacht agus ina dhiaidh sin cuirfear traenáil aonair ar fáil do na rannpháirtithe le go mbeidh siad in ann clár raidió a léiriú.

Beidh trí chlár raidió le déanamh mar chuid den chúrsa agus deis áit a fháil ar ár gcúrsa ard-scileanna don té a bhainfidh an caighdeán cuí amach.

Iarrtar ar dhaoine ceithre amhrán/píosa ceoil a thabhairt leo ar dlúthdhioscaí/USB ar an chéad lá traenála.

DÁTA: Céadaoin 08 Bealtaine 2019
AM: 2:00-5:30pm
ÁIT: Ionad Craoltóireachta Raidió Fáilte, 30 Sráid Dubhaise, Béal Feirste
DAOINE: Thar 18 mbliana

Déan teagmháil le Dónall Roimh Luan 5 Bealtaine
Fón: 028 90 310013
Rphost: traenail@raidiofailte.com
Twitter: @raidiofailte