Na scéalta is déanaí

An nuacht is déanaí

Post Thumbnail

6pm Seó Sheosaimhín – le Seosaimhín Nic Eachaidh

Beidh Seosaimhín Nic Eachaidh i mbun clár as Gleann an Chlochair i gcontae Thír Eoghain agus beirt bhan as an cheantar sin i mbun comhrá le chéile – Beidh Seosaimhín ag labhairt leis an cheoltóir Sinéad Nic Cionnaith a bhfuil bua faoi leith aici ar an fhidil agus a bheidh ag seoladh albam ar an 9 Márta. Beidh ceol ann le Sinéad fosta agus chomh maith le dán ó Sheosaimhín. Ghlac Seosaimhín páirt i gCúrsa le Caoimhe – cúrsa de chuid Scéim Traenála Raidió Fáilte le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann...

Post Thumbnail

7pm “Spill the Tae” le Brógan Ní Bhrádaigh

Beidh Brógan Ní Bhrádaigh i mbun clár le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan ar Raidió Fáilte. Ghlac Brógan páirt i gcúrsa ceannródaíoch le Caoimhe Ní Chathail – Cúrsa le Caoimhe a chuireann guth na mban chun tosaigh ar aerthonnta na hÉireann – cúrsa de chuid Scéim Traenála Raidió Fáilte le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. ..

Post Thumbnail

5pm Katelyn Hayes – Hup na Mná

5pm Hup na Mná – Cuirfidh Katelyn Hayes as Contae Luimnigh clár úr le haghaidh sceideal speisialta Lá Idirnáisiúnta na mBan ar Raidió Fáilte 107.1Fm agus mar chuid de Cúrsa le Caoimhe – Cúrsa Traenála i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta do mhná – cúrsa de chuid Scéim Traenála Raidió Fáilte le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. ..

Post Thumbnail

Cuireann Diane Ní Fhlatharta as Inis Mór, Oileáin Árainn, Cnocán na mBan i bhur láthair, clár speisialta a rinneadh le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan ar Raidió Fáilte agus mar chuid den chúrsa traenála i scileanna raidió agus craoltóireachta Cúrsa le Caoimhe agus é dírithe ar ghuth na mban a ardú ar na haerthonnta...

Fáilte go Raidió Fáilte, stáisiún Raidió Pobail Gaeilge Bhéal Feirste.

Ár gCraoltóirí

Ráiteas Físe & Misin

An fhís atá againn sochaí a bheith ann ina mbláthaíonn an Ghaeilge agus cultúr na nGael agus iad curtha chun cinn ar mhaithe le saibhriú cáich.

 

An misean atá againn an Ghaeilge a chur chun cinn trí sheirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge atá uileghabhálach ionchuimsitheach a sholáthar.

 

Ár gCraoltóirí