Bhí slua de bhreis agus 10,000 duine i láthair tráthnóna Dé Sathairn seo caite i bPáirc na bhFál le haghaidh troid an dornálaithe Feirstigh, Michael Conlon, in éadan an dornálaithe Airgintínigh Diego Ruiz. Tharla an troid mar chuid d’Fhéile an Phobail. Bhain an Feirsteach an troid go compordach agus é os comhair an tslua i bPáirc na bhFál atá ar chúl a thí féin in iarthar Bhéal Feirste. Bhí Conlon le ath-throid a dhéanamh leis an dornálaí rúiseach Vladimir Nikitin ar chaill sé ina éadan ag na Cluichí Oilimpeacha sa Bhrasaíl i 2016 i ndiaidh do na moltóirí cinneadh conspóideach a dhéanamh ach fuarthas an scéal gur tharraing Nikitin amach ón troid i mí Meithimh i ndiaidh dó “bícéip a stróiceadh” agus é i mbun traenála.