Beidh Aonach an Earraigh de chuid Raidió Fáilte ar siúl arís i mbliana an 4 Márta, óna 10:00 go dtí a 14:00 mar chuid d’Fhéile an Earraigh agus de Sheachtain na Gaeilge chomh maith.

Seo deis iontach don phobal teacht le chéile ag tús an earraigh. Is féidir táirgí áitiúla a áimsiú agus a cheannach. An t-aon aonach Gaelach in iarthar Bhéal Feirste ar fáil do chách ag bun Bhóthar na bhFál. D’éirigh go h-anmhaith leis an Aonach anuraidh agus tá muid ag súil le slua níos mó a mhealladh i mbliana. Beidh deochanna teo, sólaistí úra agus smailceacha bia den scoth le fáil ó chaifé An Lon Dubh.
Beidh seastáin ann ag díol earraí ceardaíochta Gaeilge ar an lá, agus is féidir leat seastán a chur in áirithe!

Tá na seastáin ar fad ar fáil saor in aisce.

Beidh spásanna teoranta, mar sin bí i dteagmháil liom go luath le do thoil, más mian leat áit a chur in áirithe.

Chun seastán a chur in áirithe, bí i dteagmhál le Tara Ní Dhuibh:
Ríomhphost: ofg@raidiofailte.com
Uimhir ghutháin: +44 (0)28 9031 0013