D’éirigh le Cargin an ceann is fearr ar Lámh Dhearg tráthnóna Dé Sathairn. An scór deiridh tar éis am breise ná Cargin 3.16 Lámh Dhearg 23 gcúilín.

Bhí tráthnóna galánta i bPáirc Uí Chorragáin fá choinne athimirt chluiche ceannais peile sinsearach Aontroma áit ar thug Lámh Dhearg aghaidh ar Cargin. Bhí slua maith ann le tacaíocht a thabhairt don dá fhoireann agus bhí aghaidh gach duine ar an pháirc don chluiche iontach seo. Chuir Cargin tús spleodrach leis an chluiche le cúl ó Tomás McCann. Sa chéad ghluaiseacht den chluiche bhí feall déanta ag cúl báire Lámh Dhearg John Finnucane ar Chiarán Bradley. Chuaigh an cic saor ar iarraidh ach nuair a rinne John Finnucane cic ghairid amach sciob Cargin an liathróid agus d’aimsigh Tomás McCann cúl na heangaí leis. Sin an chéad cheann as na trí chúl a fuair Cargin sa chluiche.

D’imir tosaithe Lámh Dhearg go hiontach maith, ar na himreoirí is mó a sheas amach bhí Connor Murray a fuair 7 gcúilín ón imirt Eoin McKeown a bhí chomh gasta le giorria agus a scóráil trí chúilín agus Paddy Cunningham a chuir 7 gcic saoir thar an trasnán.

Cé go raibh taispeántas spleodrach ann ó chuid d’imreoirí Lámh Dhearg agus painéal i bhfad níos mó acu d’imir Cargin i bhfad níos fearr mar fhoireann. Bhí láigeachtaí i líne cúil Lámh Dhearg agus chuaigh seo chun sochair fhoireann Cargin. D’imir Tomás McCann go han-mhaith ar thaobh Cargin ag scóráil cúl agus 5 chúilín ba é Michael McGill a fuair an dá chúl eile. Bhí cluiche an-mhaith ag cúl báire Cargin McNabb a chuir stop le trí nó ceithre iarrachtaí maithe ar chúl le linn na cluiche cé gur léir dó a bheith gortaithe.

Bhí roinnt troideanna beaga ann ar an taobh líne agus ag deireadh gnátham imeartha an chluiche agus I mbomaite 52 cuireadh B Rice den pháirc tar éis dó feall a dhéanamh ar imreoir de chuid Cargin. Ach ba mhó a sheas scileanna peile an dá fhoireann seo amach le linn an chluiche.

Bhí Cargin chun tosaigh don chuid is mó den chluiche ach d’éirigh le Lámh Dhearg teacht cothrom leo trí nó ceithre bhabhta sa chluiche. Bhí cuid mhór am cúitimh ann agus thug sé seo am do Lámh Dhearg teacht cothrom le Cargin arís.

Sa dara leath de am breise d’éirigh le Cargin cur le chéile le teann nirt agus scile agus Lámh Dhearg a chloí. Ba léir spiorad Cargin sa chaint foirne roimh thoiseacht am breise agus bhí seo le feiceáil ar pháirc na himeartha fosta.