Bantracht

Sraith nua shiamsúil í Bantracht a léiríonn na buaicphointí agus na h-íosphointí a bhaineann le máithreachas agus le saol teaghlaigh trí shúile beirt chairde, Méabh Nic Alastair & Milène Fegan, a bhfuil páistí óga acu.

Craolfar an chéad chlár ar Lá na Máithreacha, Dé Domhnaigh 19 Márta ar 7pm ar Raidió Fáilte agus beidh an tsraith á craoladh go ceann 10 seachtain ina dhiaidh sin. Beidh sí ar fáil le híoslódáil ó Soundcloud go seachtainiúil ón Domhnach 2 Aibreán.

Tá an tsraith á cur i láthair ag beirt chomrádaithe, Méabh Nic Alastair agus Milène Fegan, ar tháinig bláth ar a gcairdeas sular tháinig a bpáistí ar an saol. Déanann siad plé ar a dtaithí féin mar thuismitheoirí lena linn. Mná macánta, díreacha agus géara iad agus níl aon drogall orthu labhairt ar na rudaí is tábhachtaí sa saol, ceisteanna nach mbíonn siad i gcónaí ar aon intinn fúthu. Ní choinnítear aon rún siar sa tsraith seo.

Cuimsíonn Méabh agus Milène réimse leathan ábhar, idir cheisteanna tromchúiseacha agus ceisteanna éadromchroíocha, ach cothromaíocht ann i gcónaí idir mhaith agus olc. Labhraíonn siad go hoscailte faoi bhuaicphointí agus faoi íosphointí shaol an teaghlaigh. Is ardán é seo le béim a leagan ar chéimeanna éagsúla na tuismitheoireachta, mar shampla ag iompar clainne, ag tógáil naíonán, ag deileáil le tachráin, páistí ag dul ar scoil agus go leor leor eile.

Ar na haíonna speisialta ar an tsraith, tá an t-amhránaí is scríbhneoir Bernadette Morris, an craoltóir Caoimhe Ní Chathail, an múinteoir ióga Nuala Ní Scolláin, an cumadóir Sadhbh Rosenstock, agus daoine eile nach iad.

Is léiriúchán de chuid Macha Media é Bantracht do Raidió Failte, a fuair maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán TÉ. Rinneadh taifead agus eagarthóireacht air i bpáirt le foireann Raidió Fáilte. Ba é Antaine Ó Donnaile an léiritheoir feidhmiúcháin agus ba iad Milène Fegan agus Méabh Nic Alastair a chomhléirigh agus a chuir an tsraith i láthair.

Éist anois trí Soundcloud: https://soundcloud.com/raidio-f/sets/bantracht