Ar dtús, cluinfidh muid ó Dhónall Mac Murchaidh agus Edel Ní Churraoin i gceartlár na féile in Ollscoil Uladh (Campas Shráid Eabhraic, Béal Feirste) tráthnóna Dé Luain agus Dé Máirt. Beidh caint agus comhrá ann, mar aon le heolas maidir le himeachtaí agus ceolchoirmeacha na féile. Éist linn beo tríd an tsruth bheo ar ár suíomh idirlín (www.raidiofailte.com) agus ar 107.1fm.

Beidh seisiún ceoil beo gach lá idir 1in agus 3in ón Chéadaoin go dtí an Aoine in ‘An Lonnán’, spás imeachtaí Raidió Fáilte ar Shráid Dhubhaise.

Anuas air sin, beidh muid ag craoladh beo ó ‘An Lonnán’ le linn do cheoltóirí ó chéin agus ó chóngar 5 albam ceoil úrnua a sheoladh go hoifigiúil. Beidh ceol beo againn ó na ceoltóirí ar fad, rud a thitfidh amach i rith 5 chlár thar thréimhse 3 lae. Tar isteach chugainn go gcluine tú iad i mbun ceoil agus bíodh braon beag le hól nó greim bia le hithe agat fosta! Sin nó éist leis an rud ar fad tríd an tsruth bheo ar ár suíomh idirlín nó ar 107.1fm.

Tchífidh muid ansin thú!

 

Luan 25ú Iúil agus Máirt 26ú Iúil

13:00-15:00 Beo ó Ollscoil Uladh

Céadaoin 27ú Iúil

13:00-15:00 Seisiún Ceoil: Lorraine Ní Bhriain, Fiona Ní Mhearáin agus Alison Crossey

15:00-16:00 Seoladh Dlúthdhiosca: le Glengormley School of Traditional Music

16:00-17:00 Seoladh Dlúthdhiosca: le Grainne Milner-McLoone: The Songs of Sam Henry

Déardaoin 28ú Iúil

13:00-15:00 Seisiún Ceoil: Neil Martin, Méabh Martin agus Molly Martin

15:00-16:00 Seoladh Dlúthdhiosca: le Mairead Walls: Songs & Tunes from County Antrim

16:00-17:00 Seoladh Dlúthdhiosca: le Dylan Pearse: Songs from the North Country

Aoine 29ú Iúil

13:00-15:00 Seisiún Ceoil: Una Monaghan, Breige Quinn agus Aaron O’Hagan

15:00-16:00 Seoladh Dlúthdhiosca: le Brian Hughes & Dave Sheridan

 

Is féidir clár iomlán na féile (PDF) a íoslódáil agus ticéid a chur in áirithe do na himeachtaí ar an tsuíomh idirlín: www.belfasttraditionalmusic.com