Bí ag obair linn sa Lon Dubh!

Tá An Lon Dubh ag earcú agus ba mhaith linn cluinstin uait más maith leat a bheith ag obair sa chaifé atá lonnaithe i Raidió Fáilte.

Tá uaireanta páirtaimseartha agus lánaimseartha ar fáil agus féidearthachtaí ann do ról bainistíochta fosta.

Beidh an ráta pá ag brath ar thaithí agus cáilíochtaí.

Tá muid ag iarraidh daoine a bhfuil suim acu i scileanna barista nó i gcócaireacht. Cáilíochtaí i sábháilteacht agus i gcócaireacht ina bhuntáiste. Ar ndóigh beidh traenáil ar fáil.

Tá cumas sa Ghaeilge riachtanach.

Má tá suim agat sa ról seo cuir CV chuig bainisteoir@raidiofailte.com