Tá Gearóid ag craoladh le Raidió Fáilte ón t-am a thosaigh an stáisiún ag craoladh sa bhliain 2006. Bhí baint nach beag aige, sna 1980í, le bunú an chéid stáisiúin raidió Gaeilge i mBéal Feirste – stáisiún a bhí lonnaithe san Ardscoil, ag bun Bhóthar na bhFál.

I 2006, an bhliain chéanna a fuair Raidió Fáilte an ceadúnas, bhí an mí-ádh ar Ghearóid agus bhuail droch-stróc é. In ainneoin sin, comh luath agus a bhí Gearóid inán chuige, thosaigh sé ar ais ag craoladh le Raidió Fáílte. Chuile Aoine cuireann sé clár beo i láthair idir 3 agus 4 a cholg. Beo go Deo is ainm don chlár seo agus tá ceol Elvis Presley le cloisteáil air ó thús go deireadh. Mar is eol dá chuid éisteoirí, i bhfad is i gcéin, tá paisean ar leith ag Gearóid don Ard Rí Rock ‘n’ Roll, Elvis Presley, agus is saineolaí é ar chuile ghné de shaol an cheoltóra seo.

News by Gearóid Ó Cairealláin

Tá brón orm, Gearóid Ó Cairealláin is cosúil nach bhfuil aon Nuacht roinnte.