Foirm Deonaigh PayPal
Tar éis duit an fhoirm seo a chur isteach, déanfar tú a atreorú chuig PayPal, agus ansin beidh tú in ann Deonaigh a thabhairt.
Na scéalta is déanaí
Coinnigh suas chun dáta leis na himeachtaí is déanaí ag Raidió Fáilte.
Folúntas Poist: Cúntóir Riaracháin/Airgeadais
Tá muid ag earcú! Tá muid ag dúil le duine a cheapadh sa ról Cúntóir Riaracháin/Airgeadais ag deireadh an phróisis earcaíochta seo...
Cúrsaí Traenaile
Beidh Raidió Fáilte ag reáchtáil cúrsa deireadh seachtaine i scileanna raidió agus craoltóireachta le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Beidh an cúrsa ar siúl i Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an bealach le clár a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Déanfaidh siad taifead ar chlár amháin thar an dá lá agus cuirfear gach tacaíocht agus áis is gá ar fáil dóibh. Beidh an cúrsa ar siúl ar an Satharn 23 Márta agus Domhnach 24 Márta 10:00-16:00...
9pm Sáerlaith – Podchraoladh Nua ar Raidió Fáilte
Beidh Sáerlaith Ní Ghallachóir as Tír Chonaill ar Raidió Fáilte anocht 9pm 8 Márta le podchraoladh úr te bruite mar cheilúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ..
Sceideal Speisialta – Lá Idirnáisiúnta na mBan
Mar cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan beidh an Sceideal Speisialta seo in úsáid ag Raidió Fáilte. Beidh cláracha ar dóigh le cluinstin ó chuid de chraoltóirí mná Raidió Fáilte agus ó roinnt dár gcraoltóirí nua atá i ndiaidh an Cúrsa Traenála i Scileanna Raidió do Mhná a chríochnú le Caoimhe Ní Chathail “Cúrsa le Caoimhe” – Bígí ag éisteacht linn fríd an Lae..
1pm – Éist le Ursula Ní Shabhaois – Glór na mBan – 8 Márta
Cuireann Ursula Ní Shabhaois as contae Ard Mhacha ó dhúchas - Glór na mBan i bhur láthair - clár speisialta a rinneadh mar chuid de Cúrsa le Caoimhe 2024 le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan..
Éist – Ceiliúradh na mBan – 11am – le Niamh Ní Chuinn
Is í Niamh a bheidh ag cur an chéad chlár i láthair mar chuid de sceideal speisialta de na cláracha a rinneadh mar chuid de Cúrsa le Caoimhe 2024 inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan - agus sin mar chuid de mhórsceideal speisialta Lá Idirináisiúnta na mBan ar Raidió Fáilte. Is as Éirinn ó dhúchas í Niamh ach tá sí lonnaithe san Astráil i láthair na huaire - áit as a bhfuil sí ag craoladh linn inniu. ..
Ócáid Bhronnta Gradam Raidió Fáilte
Ócáid speisialta a tharla i spás imeachtaí Raidió Fáilte, An Lonnán Déardaoin 1ú Feabhra 2024, Lá Fhéile Bhríde, nuair a bronnadh gradam uathúil ar Mháire Nic Fhionnachtaigh...
Cúrsa le Caoimhe 2024
Cúrsa ar líne a bheidh i gCúrsa le Caoimhe agus beidh sé ag titim amach gach Máirt idir an 30 Eanáir agus 20 Feabhra 2024 ar an ardán Zoom idir 7-9in. Craolfar na cláir mar chuid de sceideal speisialta ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ar an 8 Márta 2024. “Tá mé ag dúil go mór traenáil raidió ar líne a chur ar fáil arís i mbliana do ghrúpa cumasach de mhná a bheidh ag cur tús lena n-aistear ar Raidió Fáilte, áit ar fhoghlaim mé féin cuid mhór mar chraoltóir”, arsa Caoimhe Ní Chathail, “Is iontach an deis í do mhná a gcláir raidió féin a chur le chéile do Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana. Is pribhléid í domsa a bheith in ann tacú leo agus mo chuid a dhéanamh le cinntiú go bhfuil glórtha na mban le cloisteáil ar aerthonnta Raidió Fáilte.” ..
Thomas Mac Seáin – Geantraí Gallach Gaelach
Dé Domhnaigh 10 Nollaig @ 4pm Sraith nua ar Raidió Fáilte a fhiosraíonn an nasc idir ceol traidisiúnta na hÉireann agus an ceol barócach/clasaiceach..
Saol na mBan le Medbh Ní Fhlanagáin
Dé Domhnaigh - 3 Nollaig - 11am Clár nua ar Raidió Fáilte agus saol na mban faoi chaibidil ann. An chéad aoi ag Medbh Ní Fhlanagáin ar an chlár ná an léiritheoir agus láithreoir ar an raidió agus teilifís - Caoimhe Ní Chathail as Leitir Ceanainn - Tír Chonaill ..
Cláracha Speisialta Ceoil
Cúrsa Traenála Raidió Fáilte - Deireadh Fómhair Sceideal Speisialta le haghaidh Chláracha Chúrsa Traenála Raidió Fáilte. Cláracha a léiríodh i mí Dheireadh Fómhair 2023. 14:00 Grian Ní Dháimhín - Sé do Bheatha na Bhaile 14:30 Olivia Nic Chormaic - Seoda i bhFolach 15:00 Clár Nic Mhurchaidh - Léirmheas Daisy Jones and the Six 15:30 Medbh Ní Fhlanagáin - Funk agus Soul..
Rothaí Beaga an tSaoil – Aoine 1 Nollaig 2pm
Clár faoi na páistí agus leis na páistí - éist le páistí ó Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh agus ó Bhunscoil an Droichead agus iad ag plé Rothaí Beaga agus Móra an tSaoil le Suzanne Waring le haíonna speisialta . . . Listen to children from two Belfast Gaelscoileanna as they take to the airwaves with Suzanne Waring and special guests . . . ..