Foirm Deonaigh PayPal
Tar éis duit an fhoirm seo a chur isteach, déanfar tú a atreorú chuig PayPal, agus ansin beidh tú in ann Deonaigh a thabhairt.
Ar mhaith leat tús a chur le podchraoladh (podcast)? Cá háit a dtosaíonn tú? Cad é mar a chuireann tú an podchraoladh ar Spotify agus ar ardáin eile ar líne? Cad é an costas atá leis an trealamh?
Beidh deis agat foghlaim faoi seo agus tuilleadh ar chúrsa a bheidh ar siúl i Raidió Fáilte!
Bí linn idir 23 agus 25 Lúnasa, 10:00am-12:30pm le haghaidh garchúrsa sa phodchraoltóireacht le Raidió Fáilte!
Lá a haon: An Trealamh agus Ullmhú
Lá a Dó: An Podchraoladh
Lá a Trí: Eagarthóireacht agus Foilsiú
Beidh deis ag gach duine triail a bhaint as an phodchraoltóireacht agus eolas a fháil ar an bhealach le podchraoladh a léiriú ón bhunchéim go dtí an chéim dheiridh.
Cuir spás in áirithe go luath – déan teagmháil linn inniu ar traenail@raidiofailte.com nó glaoigh ar 028 90 310013. Cuirfear tae, caife agus smailceacha bia ar fáil le linn an chúrsa.
Raidió Fáilte ag tabhairt ardáin do phobal na Gaeilge