Ar mhaith leat tús a chur le podchraoladh (podcast)? Cá háit a dtosaíonn tú? Cad é mar a chuireann tú an podchraoladh ar Spotify agus ar ardáin eile ar líne? Cad é an costas atá leis an trealamh?

Beidh deis agat foghlaim faoi seo agus tuilleadh ar chúrsa a bheidh ar siúl i Raidió Fáilte!

Bí linn idir 23 agus 25 Lúnasa, 10:00am-12:30pm le haghaidh garchúrsa sa phodchraoltóireacht le Raidió Fáilte!   

        Lá a haon: An Trealamh agus Ullmhú

        Lá a Dó: An Podchraoladh

        Lá a Trí: Eagarthóireacht agus Foilsiú

Beidh deis ag gach duine triail a bhaint as an phodchraoltóireacht agus eolas a fháil ar an bhealach le podchraoladh a léiriú ón bhunchéim go dtí an chéim dheiridh.

Cuir spás in áirithe go luath – déan teagmháil linn inniu ar traenail@raidiofailte.com nó glaoigh ar 028 90 310013.  Cuirfear tae, caife agus smailceacha bia ar fáil le linn an chúrsa.

Raidió Fáilte ag tabhairt ardáin do phobal na Gaeilge