Níorbh é an dea-aimsir agus áilleacht ar leith an cheantair Ghaeltachta barr álainn seo amháin a chuaigh i bhfeidhm orthu.
Ag Fáiltiú agus seoladh leabhair in áras galánta Amharclann Ghaoth Dobhair oíche Aoine fuair siad blas ar oiread oibre is atá ar siúl ag an iliomad eagras pobail sa cheantar.

Ar na himeachtaí oíche Aoine sheol Piaras Ó Dochartaigh TD leabhar Eoghan Mhic Cormaic, Pluid, taispeánadh scannán gairid de chuid Sonia Nic Giolla Easpaig faoi Oileán Ghabla, bhí taispeántas ealaíne ann faoi thithe an oileáin, chuir Dónall Ó Cnáimhsí síos ar dhul chun tosaigh Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus chuir an Crann Óg scoth an cheoil ar fáil don scaifte mór a bhí i láthair.

Oíche mhór mhaith cuideachta den tsórt a bhíodh coitianta roimh Covid. Cuireadh clabhsúr ar leith ar an oíche le seisiún ceoil den chéadscoth i dTígh Hiúdaí Bhig agus is le macalla aoibhinn an cheoil sin a tháinig críoch mhall le himeachtaí na hAoine.

Oíche Shathairn bhí an ceol i réim arís agus an Crann Óg mar aon le Mairéad Ní Mhaonaigh ag cur barrmhaise ar ócáid in Ostán na Cúirte mar a seoladh aip dátheangach nua turasóireachta do Ghaoth Dobhair, atá ar fáil anois ó Play Store agus ón Apple Store.

Ag mórócáid bhronnta na nGradam ar ball, an chéad cheann ó bhí 2019 ann, tugadh aitheantas do bhuaiteoirí na mblianta nach raibh ócáid phoiblí ann, Cultúrlann McAdam-ÓFiaich, Béal Feirste 2019, agus Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire, 2020.
Ba go Conamara a ndeachaigh an gradam i mbliana.

Seán Ó Domhnaill ó Chomharchumann Mhic Dara, an Ceathrú Rua, a ghlac le Gradam Ghlór na nGael 2021.
É tuillte go maith acu. Comhghairdeas leo.

In agallamh le www.raidiofailte.com ar ball dúirt Seán gur imir sé roinnt uaireanta i nGaeltacht Thír Chonaill d’fhoireann na Ceathrún Rua ach nár bhain sé riamh ann go dtí an oíche anocht!

Bronnadh go leor gradaim ar an oíche agus ceann ar leith acu sin bronnadh ghradam ar leith ar Bláthnaid Ó Brádaigh in aitheantas don obair mhór mhaith atá déanta aici le fada an lá le Glór nan Gael, gan a lua go leor eagras agus grúpaí eile Gaeilge.

Bhí oíche go maidin ann agus comhghairdeas ag dul do lucht eagraithe sa cheantar agus do Ghlór na nGael féin as feabhas na hócáide.
Tá clár raidió speisialta ar Bhronnadh Gradaim Ghlór na nGael ar fáil thuas.

Grianghraf le Seán Ó Mainnín

Seo a leanas buaiteoirí na nduaiseanna i gComórtas Ghlór na nGael 2021
The full list of award winners in the Glór na nGael 2021 Competition are as follows:

Príomhdhuais Ghlór na nGael €15,000 + Trófaí Fhoras na Gaeilge
Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
Dara áit i gComórtas Ghlór na nGael €5,000
Ionad Naomh Padraig Dobhar, Co. Dhún na nGall.
Gradam Ghlór na nGael The Glór na nGael award – Helen Ó Murchú & Bláthnaid Ó Brádaigh

Duaiseanna Rannóige an Chomórtais
An Óige (Youth):
Céad áit, €3,000 : Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh, Co. Thír Eoghain
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire, Co. Dhoire

An Teaghlach (Family):
Céad áit, €3,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire
Dara áit, €2,000 : Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh, Co. Thír Eoghain

Oideachas (Education):
Céad áit, €3,000 : An Droichead, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire, Co. Dhoire
Sláinte Intinne & Coirp (Mental and Physical Wellbeing):
Céad áit, €3,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall
Dara áit, €2,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

An Stát agus Gnó (State & Business):
Céad áit, €3,000 : Cill Dara le Gaeilge
Dara áit, €2,000 : Líonra Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht
(Environmental Protection, Heritage and Spirituality):
Céad áit, €3,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Dara áit, €2,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall
Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha na Gaeilge
(Irish Speaking Opportunities):
Céad áit, €3,000 : Glór na Móna, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall

Rannóg na Gaeltachta
(Gaeltacht category):
Céad áit, €3,000 : Comharchumann Ráth Chairn, Co. na Mí
Dara áit, €2,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Duaiseanna Speisialta an Chomórtais / Special Categories

Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe, €1,500
Galway Co. Co. award: Craobh Mhaigh Cuilinn, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe

Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall, €1,500
Donegal Co. Co. award: Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall

Duais an Fháinne, urraithe ag Gael-Linn, €500
The ‘An Fáinne’ award, sponsored by Gael-Linn: Cultúrlann Uí Chanáin, Doire, Co. Dhoire

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500
The Comhairle na Gaelscolaíochta award): Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste

Duais Chló Iar-Chonnacht, luach €1,000
The ‘Cló Iar-Chonnacht’ award: Conradh na Gaeilge, Bóirche Íochtar, Co. an Dúin

Duais an Oireachtais, €500
The ‘Oireachtas’ award: Cumann Forbartha Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe

Duais an Fhorais Pátrúnachta, €1,000
The ‘An Foras Pátrúnachta’ award: Muineachán le Gaeilge, Co. Mhuineachán

Duais COGG, €2000
The ‘COGG’ award: Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí

Duais don Iontráil Nua is fearr, €1,000
The award for the Best New Entry : Pleanáil Teanga Árainn Mhóir, Co. Dhún na nGall

Duais don Choiste Deonach is fearr, €1,000
The best Voluntary Commitee award: Coiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGall

Duais Aitheantais, €1,000
Recognition Award: Comharchumann Ráth Chairn, Co. na Mí

Comórtas 3ú Leibhéal
Tá sé seo urraithe ag An Roinn Oideachais & Scileanna

3ú Áit €1,500 Cuallacht Cholmcille na Gaeilge Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad

2ú Áit €2,000 An Cumann Gaelach Ollscoil na hÉireann, Gaillimh