Beidh club scannáin Raidió Fáilte ag óstáil léirú speisialta den scannán dhubh chlasaiceach ón bhliain 1947, ‘Odd Man Out’ agus James Mason sa phríomhról ann. Tá daoine agus áiteanna ó cheantar na bhFál Íochtarach agus ó cheantar an Lonnáin le feiceáil ann.

Beidh an t-imeacht ag titim amach ag 5:30i.n. Dé Máirt 9ú Lúnasa. Beidh sé lonnaithe i spás imeachtaí ‘An Lonnáin’ ar bunurlár fhoirgneamh Raidió Fáilte.

Tá saorchead isteach, ach beidh spásanna teoranta. Is gá clárú don imeacht roimh ré le bheith páirteach ann.

Chun clárú, bí i dteagmháil le Séimí Mac Aindreasa ar:

Bígí linn agus ná déan dearmad do ghrán rósta agus do dheochanna boga féin a thabhairt leat!

Seo píosa faoin scannán ó eagraí an imeachtaí, Séimí Mac Aindreasa:

“Tá Odd Man Out aitheanta anois mar sár-scannán Noir ó tháinig sé amach sa bhliain 1947. Dúirt an phríomh-aisteoir sa scannán, James Mason, gurb é seo ceann de na rólanna is fearr dá ndearna sé riamh.

Ba é Carol Reed a stiúir an scannán trína n-insítear scéal Johnny McQueen, Óglach atá i bhfolach i dteach i mBéal Feirste le roinnt míonna. Tá McQueen ina bhall den ‘Eagraíocht’, agus tá sé beartaithe aige a bheith páirteach i robáil armtha, le hairgead a fháil do ghunnaí. De thaisme, maraíonn sé fear, ach scaoiltear é chomh maith, agus caithfidh sé taisteal fríd an chathair chuig na duganna, áit a bhfuil bád ag fanacht leis chun é a thabhairt go Sasain. Ach tá na péas ar a thóir, chomh maith le Kathleen, bean óg atá i ngrá leis.

Tá aisteoirí Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath le feiceáil sa scannán, Cyril Cusack agus Dan O’Herlihy ina measc, agus tá radharc bheag ag Wilfred Bramble chomh maith, a mbeadh clú air blianta ina dhiaidh sa tsraith teilifíse, Steptoe and Son.

Don radharc is aitheanta sa scannán, tógadh macasamhail den teach tábhairne the Crown Bar, i Londain. Is é William Hartnell atá mar fhear leanna anseo, agus 16 bliana ina dhiaidh sin, bheadh clú air mar an chéad Dr. Who.

Ach rinneadh an mhórchuid den scannán anseo i mBéal Feirste agus i gceantar an Pound Loney go háirithe. Aithneoidh muintir na háite cuid de na sráideanna sa scannán, agus tá gasúirí ó theach cúraim Naomh Pádraig le feiceáil agus le cluinstin roinnt uaireanta sa scannán, de ghnáth ag spochadh as na péas ina gcaint láidir Fheirsteach.

Bhain Odd Man Out an chéad BAFTA riamh, nuair a bunaíodh an gradam in 1948, sa réimse Scannán Bhriotanach is Fearr.”

(Tugadh aitheantas mar phictiúrlann áitiúil do ‘An Lonnáin’ trí Filmhub NI ar na mallaibh, mar sin coinnigh súil amach le haghaidh tuilleadh imeachtaí agus léirithe breise de scannáin áitiúla trí Ghaeilge a bheidh ag titim amach go luath).

An Lon Dubh

Raidió Fáilte

30 Sráid Fáilte

Béal Feirste

BT12 4AL