Coimisinéir Gaeilge don Tuaisceart tá sin ar cheann de na moltaí atá curtha chun tosaigh sa dréachtmhargadh a d’fhoilsigh Rialtas na Breataine agus na hÉireann inné – New Decade, New Approach is teideal don doiciméid agus cé nach bhfuil na focail Acht Gaeilge luaite áit ar bith sa chaipéis tá cúrsaí teanga go mór chun tosaigh ann.

Ar na moltaí atá curtha chun tosaigh maidir leis an Ghaeilge agus cúrsaí teanga tá – Coiminsinéir Gaeilge agus Coimisinéir Albanais Uladh. Tá moladh ann go ndéanfar Aisghairm ar Acht Riar na Córa 1737, acht conspóideach a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna agus a áiríodh mar cheann de na péindlithe ón 18ú haois. Moltar go gcuirfear i bhfeidhm Straitéis Ghaeilge agus Straitéis Albainis Uladh. Luaitear “Official recognition of the status of the Irish Language in Northern Ireland” ach ní hionann seo agus stádas oifigiúil don Ghaeilge dar ndóigh.

Deir sé fosta go bhfuil an Rialtas tiomanta d’obair na bhforas teangacha thuaidh/theas agus do chur chun cinn na Gaeilge.

Tá sé molta go gcuirfear breis mhaoinithe ar feadh trí bliana ar fáil don Ciste Craoltóireachta Gaeilge (ciste atá taobh thiar do chuid mhór de na cláracha a chraoltar ar TG4) agus don Chiste Infheistíochta Gaeilge (ciste a chuidigh le tógáil Cultúrlann Ard Mhacha, áras nua Raidió Fáilte, Teach na Gaeilge agus cuid mhór tograí eile).

Níl Acht Gaeilge luaite áit ar bith sa chaipéis agus is cinnte go mbeidh díoma ar sciar mór de na daoine a chaith a ndúthracht agus a ndíograis ag feachtasaíocht ar son a leithéid. Bhí Acht Gaeilge geallta mar chuid den chomhaontú mór deireanach a cuireadh os comhair an phobail i 2006 Comhaontú Chill Rímhinn a aontaíodh idir an DUP agus Sinn Féin. Ach níor tháinig Acht Gaeilge riamh agus bhí na páirtithe aontachtacha sa tionól roinnt cumhachta dubh i n-éadan aon reachtaíocht lena haghaidh. Sa dréachtmhargadh nua New Decade, New Approach tá reáchtaíocht Gaeilge le bheith mar chuid den Northern Ireland Act.

D’eisigh Conradh na Gaeilge preasráiteas maidir leis an dréachtmhargadh nua. Seo a bhí le rá ag Ciarán Mac Giolla Bhéin sa phreasráiteas:

“Tá an reachtaíocht seo ag teacht chun tosaigh mar Bhille a bhaineann leis an Ghaeilge a chuirfear isteach i gComhaontú Aoine an Chéasta mar phíosa nua, leis féin. Má ghlactar leis seo inniu, cinnteoidh muidne go gcloífear leis na forálacha seo agus ar chur i bhfeidhm iomlán na reachtaíochta seo, agus cuirfidh muid faoi scrúdú na moltaí agus na bearnaí ollmhóra sa phíosa seo sna laethanta, sna seachtainí agus sna míonna chun tosaigh.

“Tá ceisteanna suntasacha anseo. Titeann seo go mór faoi na geallúintí a rinneadh in 2006, áit ar gealladh Acht Gaeilge bunaithe ar an Bhreatain Bheag. Tá bearnaí móra anseo i gcompráid leis an mhéid atá sa Bhreatain Bheag agus ó dheas araon.

“Is ábhar ollmhór frustrachais gur fágadh ceist na comharthaíochta ar lár ar fad anseo agus níl ceist ar bith ann ach gur foinse ollmhór teannais a bheas anseo a dhéanfas mór-fhadhbanna a nochtadh sa tréimhse amach romhainn. Déanfar feidearthachtaí maidir le soláthar comharthaíochta fríd na caighdeáin teanga a fhiosrú agus a scrúdú láithreach.”

Tá an dá rialtas ag súil go mbeadh go leor sa chomhaontú seo le gach páirtí a shásadh. Tá an tuaisceart gan rialtas feidhmiúil le trí bliana anuas tar éis gur éirigh Martin McGuinness, nach maireann, as oifig mar gheall ar chonspóid an RHI. Ach bhí ceist na Gaeilge ina chnámh spairne idir na príomhpháirtithe sa tuaisceart le blianta beaga anuas agus Sinn Féin ag iarraidh go mbeadh Acht Gaeilge mar chuid d’aon chomhaontú nua leis an tionól a thabhairt ar ais. Bhí na páirtithe aontachtacha dubh in éadan aon Acht Gaeilge agus meastar gur mar gheall ar cheist na teanga a thit na cainteanna a bhí ar siúl leis an tionól a thabhairt ar ais i 2018 as a chéile.