Aimsíodh corp sa Mhalaeisia le linn do na húdaráis a bheith ag cuardach don déagóir Nóra Quoirin. Chuaigh an déagóir 15 bliain d’aois a bhfuil deacrachtaí foghlama uirthi, chuaigh sí ar iarraidh ar an 4 Lúnasa ón ionad saoire Desun gar do phríomhchathair na Malaeisia, Kuala Lumpa. Tá deimhnithe ag a teaghlach gurb é corp Nóra a aimsíodh sa dufair sa Mhalaeisia inniu.

Síleann teaghlach Nóra – a máthair Méabh gur as Éirinn di agus a hathair Sebastien as an Fhrainc gur fuadaíodh an cailín 15 bliain d’aois ach bhí údaráis Mhalaeisia ag caitheamh leis an chás mar ‘chás dhuine ar iarraidh’. Bhí an teaghlach ar a laethanta saoire sa tír Áiseach nuair a chuaigh an cailín ar iarraidh. Is i Londain a bhí an teaghlach ina gcónaí ach bhí Nóra ag taisteal ar phas Éireannach.

Bhí breis agus 350 duine páirteach sa chuardach don déagóir i ndufair dlúth na Malaeisia. Daoine áitiúla, agus póilíní as Éirinn agus as an Bhreatain san áireamh.