Foirm Deonaigh PayPal
Tar éis duit an fhoirm seo a chur isteach, déanfar tú a atreorú chuig PayPal, agus ansin beidh tú in ann Deonaigh a thabhairt.
Beidh foireann Raidió Fáilte ag craoladh beo ó Scoil Samhraidh Mhic Reachtain in Áras Mhic Reachtain.
Éist linn Dé Céadaoin 20 Iúil 12:00-2:00 do chlár speisialta dhá uair an chloig.
Le linn an chláir beidh plé againn faoi na himeachtaí éagsúla uilig a bheidh ag titim amach le linn choicís na scoile samhraidh (18 Iúil – 29 Iúil).
Le dhá bhliain anuas, tá an scoil samhraidh á reáchtáil go fíorúil ar líne, ach i mbliana beidh Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar ais arís in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma i dtuaisceart Bhéal Feirste. (www.mhicreachtain.com)
Éist linn ar 107.1fm agus tríd an tsruth bheo ar ár suíomh idirlín.