Croíche sa Cheol - Medbh Ní Fhlanagáin
Rugadh Medbh in iarthar Bhéal Feirste agus faoi latháir tá sí ag déanamh stáidéir ar Pholasaí Sóisialta agus Socheolaíochta i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Sa chlár seo, beidh meascán amhráin ó bhlianta eagsúla agus is mná iad na hamhránaithe uilig do Lá Idirnáisiúnta na mBan. Labhróidh Medbh chomh maith sa chlár leis an iriseoir Póilín Ní Chiaráin, bean an-shuimiúil. Labhróidh sí faoi ghairm s'aici, a gradam saoil agus saol s'aici taobh amuigh den obair.