Beidh Raidió Fáilte ag reáchtáil cúrsa deireadh seachtaine i scileanna raidió agus craoltóireachta.

Beidh an cúrsa ar siúl in áras Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an bealach le clár a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Déanfaidh siad taifead ar chlár amháin thar an dá lá agus cuirfear gach tacaíocht agus áis is gá ar fáil dóibh. Beidh an cúrsa ar siúl ar an Satharn 26 Márta 10:00-16:00 agus ar an Domhnach 27 Márta 10:00-14:00. Cuirfear lón ar fáil.

“Seo an chéad uair dúinn cúrsa iomlán a reáchtáil in aon deireadh seachtaine amháin,” arsa Dónall Mac Murchaidh, Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin, Raidió Fáilte, “agus is cinnte go mbeidh idir chuideachta agus spraoi ag baint leis, tá muid ag súil go mór le fáilte a chur roimh ábhar craoltóirí teacht chun sult agus tairbhe a bhaint as áiseanna iontacha Raidió Fáilte”.

Le haghaidh tuilleadh eolais seol r-phost chug Dónall ar traenail @ raidiofailte.com – cuir glaoch ar 028 90 310013 nó is féidir teagmháil a dhéanamh linn ANSEO