Seo chugaibh Gaeilge ar an Raidió – cúrsa gairid trí lae saor in aisce dóibh siúd atá ag iarraidh snas a chur ar a gcuid Ghaeilge

Beidh ranganna Gaeilge ar siúl anseo in oifigí Raidió Fáilte ar Shráid Dhubhaise i mBéal Feirste mar chuid d’Fhéile an Phobail agus d’Fhéile Lúnasa Raidió Fáilte.

Tá na ranganna saor in aisce agus tá siad dírithe ar fhoclaíocht agus ar nathanna cainte atá fóirsteanach do dhaoine atá ag foghlaim na teanga nó atá ag cur barr feabhais ar na scileanna teanga atá acu cheana féin trí bheith ag éisteacht le cláir raidió, mar shampla le cláir Ghaeilge ar Raidió Fáilte.

Cuirfear tús leis an chúrsa trí lae Dé Luain 8ú Lúnasa in oifigí Raidió Fáilte in 30 Sráid Dhubhaise ag a 10 a’ chlog. Beidh dhá sheisiún gach lá, agus mairfidh gach seisiún uair a’ chlog. Cuirfear deireadh leis an chúrsa ag meán lae (12:00).

I measc na n-ábhar a chlúdófar mar chuid den chúrsa áirítear:

  • Dé Luain: Intreoir don Raidió Gaeilge agus Téarmaíocht Ghaeilge don Raidió
  • Dé Máirt: Guth an Phobail – Ag Ullmhú Cláir agus Ceol, Caint agus Agallaimh ar an Raidió
  • Dé Céadaoin: Nuacht, Tuairisceoireacht agus Tráchtaireacht agus Plé ar Dheiseanna Craoltóireachta agus ar Chúrsaí Traenála

Má tá spéis agat féin páirt a ghlacadh sa chúrsa, nó má tá aithne agat ar dhuine ar spéis leis bheith páirteach ann, bí i dteagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chuig Dónall ar traenail@raidiofailte.com nó cuir scairt ar 02890 310 013. Ní ghearrfar táille ar bith ar an chúrsa ach moltar go láidir teagmháil a dhéanamh chomh luath agus is féidir chun spás a chur in áirithe ar an chúrsa speisialta seo. Cuirfear fearadh na fáilte roimh chách.