Tá cultúr na Síne ar cheann de na cultúir is ársa ar domhan, ag dul siar na mílte bliain. Is cultúr ilghnéitheach í, cultúr na Síne, le modhanna cainte agus nósanna éagsúla i gceantair difriúla den tír.

Tá lúcháir mhór ar Raidió Fáilte céad míle fáilte a chur roimh ionadaithe ó Institiúid Confucious TÉ atá lonnaithe in Ollscoil Uladh, agus iad ag éascú cúrsa ar theanga, chultúr, cheol agus thraidisiún na Síne ar láthair in áras Raidió Fáilte.

Déanfaidh oidí ón institiúid cur síos agus caint ar réimsí éagsúla den tsaol sa tír ollmhór sin; féilte, fealsúnacht, stoidiacach agus dár ndóigh an bia ina measc.

Beidh an cúrsa ag toiseacht ar an Satharn, 3ú Meán Fómhair agus gach Satharn ina dhiaidh sin go ceann ceithre seachtaine, ag críochnú ar an Satharn 24ú Meán Fómhair. Beidh na seisiúin ar siúl idir 11.00 agus 13.00. Níl aon táille ar an chúrsa, ach beidh spásanna an-teoranta, mar sin moltar clárú go luath tríd an nasc thíos:

https://www.eventbrite.com/e/cursa-i-gcultur-na-sine-tickets-402336959677

Tuilleadh eolais ar fáil ó: pobal@raidiofailte.com