Bí páirteach i gcúrsa deireadh seachtaine Raidió Fáilte i scileanna raidió agus craoltóireachta agus ardaigh do ghuth ar na meáin chumarsáide Gaeilge!

Beidh Raidió Fáilte ag reáchtáil cúrsa deireadh seachtaine i scileanna raidió agus craoltóireachta le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Beidh an cúrsa ar siúl in áras Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste, Satharn 18 agus Domhnach 19 Meitheamh 10:00-16:00. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an bealach le clár a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar.

“Seo an dara cúrsa dá leithéid atá á reáchtáil againn thar tréimhse deireadh seachtaine. Reáchtáil muid cúrsa deireadh seachtaine i mí Márta agus d’éirigh thar barr leis. Tá muid ag dúil go mór leis an chéad cheann eile i mí Meithimh” arsa Dónall Mac Murchaidh, Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin, Raidió Fáilte, “gheobhaidh na rannpháirtithe deis faoi leis a bheith ag foghlaim faoin bhealach le clár raidió a chur le chéile agus deasc fuaime a úsáid, is fiú go mór a bheith páirteach sa chúrsa”

Le haghaidh tuilleadh eolais seol r-phost chug Dónall ar traenail @ raidiofailte.com – cuir glaoch ar 028 90 310013 nó is féidir teagmháil a dhéanamh linn ANSEO