Cúrsa le Caoimhe 2023

De bharr móréilimh ón phobal tá Cúrsa le Caoimhe ag pilleadh don tríú i ndiaidh a chéile.

I mí Feabhra 2023 beidh cúrsa eisiach do mhná á chur ar fáil ag Raidió Fáilte le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.

Cúrsa ar líne atá i gceist gach oíche Luain idir 6 Feabhra agus 27 Feabhra 19:00-21:00. Is cúrsa le mná agus do na mná é an cúrsa seo. Mná a bheidh mar rannpháirtithe ann agus mná a bheidh mar theagascóirí ann. Beidh sprioc spleodrach ag na rannpháirtithe clár raidió an duine a chur ar an aer le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan ar an 8 Márta 2023.

I mbun an chúrsa beidh Caoimhe Ní Chathail, craoltóir le Raidió Fáilte agus BBC Raidió Uladh agus léiritheoir/láithreoir teilifíse (BBC, TG4). Ar an 20 Feabhra beidh an sárchraoltóir Áine Ní Bhreisleáin ón chlár Bladhaire de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta mar aoichainteoir ar an chúrsa.

Dúirt Caoimhe Ní Chathail: “Tá mé ag súil go mór a bheith i mbun an chúrsa traenála raidió seo arís i mbliana do mhná ar suim leo a gclár féin a bheith acu ar Raidió Fáilte ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Ba spreagadh mór dom féin mar chraoltóir a bhí sa chúrsa seo le blianta beaga anuas. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh mná le cloisteáil ar an raidió agus tá mise bródúil mo chuid a dhéanamh ar mhaithe leis an chúis sin.”

Más suim leat a bheith páirteach sa chúrsa nó má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, cuir r-phost chuig traenail @ raidiofailte . com nó cuir glaoch ar 028 90 310013 (9:30rn go 5:00in).