Tá “Cúrsa le Caoimhe” ar ais. Cúrsa eisiach do mhná atá á chur ar fáil ag Raidió Fáilte le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.

Cúrsa ceithre seachtaine atá ann dírithe ar sprioc spleodrach agus ar Lá Idirnáisiúnta na mBan uair a bheidh gach traenálaí ag craoladh cláir úrnua dá gcuid féin mar chuid de sceideal líonta le mná amháin.

I mbun an chúrsa beidh Caoimhe Ní Chathail, craoltóir le Raidió Fáilte agus BBC Raidió Uladh agus léiritheoir/láithreoir teilifíse (BBC, TG4). Is cúrsa le mná agus do na mná é an cúrsa seo. Mná a bheidh mar rannpháirtithe ann agus mná a bheidh mar theagascóirí. Beidh an sárchraoltóir Áine Ní Bhreisleáin ón chlár Bladhaire de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta mar aoichainteoir ar an chúrsa.

Seo an dara bliain don chúrsa ar leith raidió seo a bheith ar siúl. Reáchtáladh an cúrsa don chéad uair i 2021 agus d’éirigh thar barr leis. Is é aidhm an chúrsa seo an bealach a éascú le gur féidir le níos mó ban a bheith páirteach sna meáin chumarsáide, an raidió go háirithe. Beidh na seisiúin traenála ar siúl ar Zoom gach oíche Mháirt 1 Feabhra go dtí 22 Feabhra 7-9in.

Deir Caoimhe Ní Chathail: “Tá mé ag dúil go mór traenáil raidió a chur ar fáil do na mná seo agus cuidiú leo tús a chur lena n-aistear ar Raidió Fáilte, áit ar fhoghlaim mé féin cuid mhór mar chraoltóir. Is iontach an deis í do mhná a gcláir raidió féin a chur le chéile agus is pribhléid í domsa a bheith in ann tacú leo.

Beidh Lá Idirnáisiúnta na mBan iontach againn i mbliana ar Raidió Fáilte, idir na cláracha úra ó lucht an chúrsa agus sceideal speisialta a bheas againn i rith an lae. Lá raidió ar leith a bheas ann!”

Más suim leat a bheith páirteach sa chúrsa nó má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, cuir r-phost chuig traenail@raidiofailte.com nó cuir glaoch ar 028 90 310013 (9:30rn go 5:00in).