Bí linn ar an Satharn 01 Deireadh Fómhair le haghaidh cúrsa úr a bheidh ag díriú ar scileanna raidió, ar phodchraoltaí agus ar an chraoltóireacht. Beidh ceithre sheisiún traenála san iomlán mar chuid den chúrsa gach Satharn 01-15 Deireadh Fómhair agus Satharn 29 Deireadh Fómhair idir 10am agus 2pm. Beidh tú ag fóghlaim faoi na hábhair seo a leanas sa chúrsa:

  • Seisiún a haon – 01 Deireadh Fómhair: An Clár Raidió: Bunscileanna Léiriúcháin
  • Seisiún a dó – 08 Deireadh Fómhair: An Clár Raidió: Láithriú & eagarthóireacht
  • Seisiún a trí – 15 Deireadh Fómhair: Podchraoltaí: Trealamh & coincheap
  • Seisiún a ceathair – 29 Deireadh Fómhair: Fógraí, Jingles, & Poiblíocht ar líne

“Seo an chéad uair riamh dúinn aonad traenála ar phodchraoltaí a chur ar fáil inár gcúrsa traenála,” arsa Dónall Mac Murchaidh, Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin Raidió Fáilte, “beidh deis ag daoine foghlaim faoin dóigh le clár raidió nó podchraoladh a chur le chéile, faoin eagarthóireacht agus faoin léiriúcháin. Ceithre sheisiún traenála a bheidh sa chúrsa gach Satharn idir 10am agus 2pm 01-15 Deireadh Fómhair le sos i lár na míosa roimh an seisiún deireanach ar an 29 Deireadh Fómhair. Tabharfaidh seo an deis do dhaoine a bheith ag obair ar an chlár raidió/podchraoladh a bheidh le déanamh acu mar chuid den chúrsa. Tá sceitimíní orainn tabhairt faoin leagan amach úr seo ar chúrsa traenála Raidió Fáilte. Lena chois sin, beidh aoichainteoirí i láthair ag an chúrsa traenála seo a thabharfaidh iniúchadh dúinn ar thaithí s’acu sna meáin chumarsáide”.

Sa chúrsa seo tabharfar an deis duit do chlár raidió/podchraoladh féin a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Beidh deis agat úsáid a bhaint as an trealamh i stiúideonna nua-aimseartha agus i seomraí eagarthóireachta Raidió Fáilte. Is le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann atá an cúrsa seo á reáchtáil. Níl táille ar an chúrsa.

Le háit a fháil ar an chúrsa cheannródaíoch seo gabh i dteagmháil le Dónall Mac Murchaidh ar traenail @ raidiofailte . com nó cuir glaoch ar 028 90 310013. Moltar duit teagmháil a dhéanamh linn go luath nó tá spásanna teoranta ar chúrsa.