Foirm Deonaigh PayPal
Tar éis duit an fhoirm seo a chur isteach, déanfar tú a atreorú chuig PayPal, agus ansin beidh tú in ann Deonaigh a thabhairt.
Beidh Raidió Fáilte ag cur cúrsa ar líne ar fáil i scileanna raidió agus craoltóireachta gach Máirt 18:00-19:30 idir 24 Bealtaine agus 14 Meitheamh.
Beidh an cúrsa seo dírithe go speisialta ar dhaoine atá ina gcónaí taobh amuigh de Bhéal Feirste agus ar mhaith leo a bheith páirteach le Raidió Fáilte.
Foghlaimeoidh na rannpháirtithe faoin bhealach le clár raidió a thaifead sa bhaile (níl ach guthán póca agus ríomhaire de dhíth) agus faoin phróiseas eagarthóireachta. Más spéis leat a bheith páirteach sa chúrsa seo, seol r-phost chuig Dónall Mac Murchaidh ar traenail @ raidiofailte.com nó gabh ANSEO
Faigheann Scéim Traenála Raidió Fáilte tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann