Dianchúrsa Deireadh Seachtaine i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta

Bígí linn ar an 25 agus 26 Márta le haghaidh deireadh seachtaine de chraoltóireacht, de chraic agus de chuideachta. Beidh Dianchúrsa Deireadh Seachtaine á chur ar siúl ag an stáisiún raidió Gaeilge chun bunscileanna sa chraoltóireacht raidió a theagasc do lucht na Gaeilge. Beidh an cúrsa ar siúl ar an Satharn 25 agus Domhnach 26 Márta 10am go 4pm. Le linn an chúrsa traenála, beidh an deis agat do chlár raidió féin a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Is féidir freastal ar an chéad lá amháin (Satharn 25 Márta) nó ar an chéad agus an dara lá (Domhnach 26 Márta san áireamh).

“Deis iontach atá sa gharchúrsa seo blaiseadh a fháil ar an chraoltóireacht raidió i nGaeilge agus taithí luachmhar a fháil sna meáin chumarsáide Ghaeilge i Raidió Fáilte, an t-aon stáisiún raidió Gaeilge i mBéal Feirste.” arsa Dónall Mac Murchaidh, Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin Raidió Fáilte.

Tapaigh an deis. Déan teagmháil linn inniu ar 028 90 31 00 13 nó seol r-phost chuig traenail@raidiofailte.com