Beidh an scoil samhraidh bhliantúil, Daonscoil na Mumhan ar siúl i gColáiste na Rinne sa Rinn an tseachtain seo chugainn –  ón 18-23 Lúnasa – agus “Cultúr na hÉireann thall is abhus” mar théama aici. Baileoidh múinteoirí, foghlaimeoirí Gaeilge agus go leor daoine eile isteach i nGaeltacht na nDéise chun taitneamh a bhaint as seachtain lán d’imeachtaí cultúrtha, idir chainteanna, ranganna, cheardlanna amhránaíochta, filíochta agus ealaíne, seoladh leabhair, siúlóidí agus coirmcheoil.

I measc aoichainteoirí na Daonscoile i mbliana tá Cillian Ó Donnabháin, Criostóir Ó Beaglaoich agus An Dr. Caitríona Breathnach, chomh maith le Dara Ó Cinnéide agus Claire O’Connor, a bheidh mar rannpháirtithe sa Siompósiam Spóirt. Chomh maith leis sin beidh cur i láthair speisialta ó Aisteoirí an tSean Phobail; seoladh an irisleabhair ‘An Linn Bhuí’; ceardlanna amhránaíochta le Anne Mulqueen; ceardlanna filíochta le Áine Uí Fhoghlú; ceardlanna Drámaíochta le Déuglán Turraoin, chomh maith leis na gnáth Ranganna Gaeilge.

Beidh Coirmcheoil na Daonscoile ar siúl ar an Déardaoin, 22 Lúnasa in Halla Pobail na Rinne ar a 8.30i.n., le go leor aoianna speisialta. Beidh fáilte roimh chách. Tá a thuilleadh eolais ar an Daonscoil agus clár na Daonscoile le fáil ag  www.daonscoilnamumhan.com.