Tá iarratais á lorg ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu do Scéim na Léiritheoirí Raidió faoi Oiliúint. I rith na scéimeanna lánaimseartha beidh na hoiliúnaithe ag foghlaim cheird an raidió agus iad ar socrúchán ag Raidió Fáilte i mBéal Feirste.

Is socrúchán bliana ar íocaíocht (ar íosphá) í an scéim d’Iontrálaithe Nua i Scileanna Teilifíse agus í dírithe ar dhaoine a bhfuil an earnáil nua acu – [2 áit ar fad]. Caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag na hoiliúnaithe, idir labhairt agus scríobh.

“Tá idir áthas agus ríméad ar fhoireann Raidió Fáilte faoin scéim nua seo” arsa Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh, Oifigeach Léiriúcháin agus Traenála Raidió Fáilte, “céim mhór chun cinn a bheidh ann i bhforbairt na craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh. Beidh an deis ag an bheirt chraoltóirí faoi oiliúint a bheith ag obair i gcomhar le craoltóirí a bhfuil taithí fada acu i réimse na hiriseoireachta agus na craoltóireachta raidió chun portfóilió de chláir raidió, de phacáistí raidió agus d’agallaimh ardchaighdeáin a fhorbairt.

 

Ar na rudaí a bheidh ar bun ag na craoltóirí faoi oiliúint beidh: clár seachtainiúil raidió, a bheidh le léiriú, le láithriú agus le cur in eagar acu; agallaimh agus pacáistí raidió do na phríomhchláir nuachta ar Raidió Fáilte; eagarthóireacht ar chláir raidió, pacáistí agus agallaimh raidió; taighde a dhéanamh le haghaidh sainchlár raidió, cuir i gcás, cláir fhaisnéise, drámaí raidió agus araile; agus cuidiú le craoltaí seachtracha.

Foghlaimeoidh na hábhair chraoltóirí faoi gach gné den chraoltóireacht raidió, mar shampla, léiriú, láithriú, eagarthóireacht; scileanna agallaimh, scileanna taighde agus scileanna iriseoireachta; scileanna ullmhúcháin ar nós ord reatha agus scripteanna raidió a chur le chéile. Chomh maith leis sin, beidh gné theicniúil ag baint leis an oiliúint, mar shampla an bealach le stiúideo raidió a ullmhú agus deasc fuaime a úsáid, úsáid mhicreafóin, agus an bealach le deasc fuaime a shocrú le haghaidh craoltaí seachtracha.

I mbliana beidh Scéim Traenála Raidió Fáilte i gcomhar leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge 10 mbliana ar an fhód. Thosaigh an scéim traenála i mí Mheán Fómhair 2011 agus is é an aidhm atá léi ná oiliúint a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i scileanna Raidió agus Craoltóireachta. Ó shin i leith, tá earnáil na craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh ag dul ó neart go neart. Ní fhéadfainn smaointiú ar bhealach níos fearr le ceiliúradh a dhéanamh ar an 10ú bliain den scéim ná beirt chraoltóirí faoi oiliúint a bheith ar sochrúchán linn.”

Spriocdháta le haghaidh iarratas: 12 Meán-lae. Dé Céadaoin, 21ú Meitheamh Iúil 2021 (ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh an spriocdháta).

Beidh na hagallaimh ar siúl ar an tseachtain ag tosnú 26ú Iúil agus tús curtha leis an scéim ar an 6ú Meán Fómhair 2021.

Brúigh ar an nasc thíos le haghaidh tuilleadh eolais:

SCÉIM NA LÉIRITHEOIRÍ RAIDIÓ FAOI OILIÚINT | ILBF Trainee Radio Producer Scheme