Dianchúrsa Raidió Fáilte i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta

Dáta: Dé Máirt 02 Samhain, 09 Samhain, 16 Samhain, 30 Samhain 2021

Am: 6pm-7.30pm

Áit: Ar líne agus Áras Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste, ar aon

Tuilleadh eolais: 028 90 310013 agus https://raidiofailte.com/training/

Beidh Raidió Fáilte ag reáchtáil Dianchúrsa i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta i mí na Samhna 2021.

Beidh an cúrsa ar siúl ar líne agus in Áras Raidió Fáilte. Beidh seisiún traenála ar siúl ar Zoom gach Máirt 02-16 Samhain agus 30 Samhain 2021, 6:00-7:30. Is in Áras Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste reáchtálfar an chuid phraicticiúil den chúrsa in am atá oiriúnach do na rannpháirtithe iad féin.

Beidh an deis agat úsáid a bhaint as an trealamh taifeadta Raidió Fáilte agus áiseanna ard-teicniúla eile chun clár a dhéanamh. Le linn an chúrsa uathúil seo, gheobhaidh tú an deis chun do chlár raidió féin a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Agus má bhaineann do chlár an caighdeán cuí amach craolfar ar Raidió Fáilte é, an t-aon stáisiún raidió Gaeilge i mBéal Feirste. Ní theastaíonn aon taithí sna meáin chumarsáide le bheith páirteach sa chúrsa seo agus tá sé oscailte do dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine.

Le haghaidh tuilleadh eolais líon an fhoirm ar líne ANSEO nó glaoigh ar 028 90310013.

Is le tacaíocht an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann a chuirtear scéim traenála Raidió Fáilte ar fáil.