Aoine 18 Meán Fómhair 2020 ar a 8pm craolfar dráma nua raidió le Seán Ó Muireagáin ar Raidió Fáilte . Tá Sceithire bunaithe ar ghearrscéal as an chnuasach Gáire in Éag leis an údar céanna a d’fhoilsigh Éabhlóid in 2018.

Bhuaigh scéal ón leabhar Duais an Mhaolánaigh ag Comórtas Liteartha an Oireachtas, 2018. Dráma é Sceithire atá suite i mBéal Feirste le linn an tréimhse is measa den choimhlint sa tuaisceart ar dtugtar na Trioblóidí.

Scéal é faoi Sceithire a bhí ag sceitheadh eolais leis na húdarais Bhreatnacha agus faoin méid a tharla dó nuair a fuarthas amach faoi. Daoine as pobal na Gaeilge i mBéal Feirste a ghlacann ról na gcarachtar éagsúil sa dráma agus tá foireann mhór d’aisteoirí i gceist. Tá an feall, an tsaint, an sceon agus an choimhlint ag croílár an dráma corraitheach seo agus is cinnte go mbeidh éisteoirí sáinnithe ann.

Liosta Aisteoirí

J.J. Ó Dochartaigh

Naoise Ó Cairealláin

Liam Óg Ó hAnnaidh

Seanán Mac Aoidh

Pádraig Ó Tuairisc

Rosie Nic an Fhailigh

Caoimhe Ní Chathail

Edel Ní Churraoin

Cormac Buzz Ó Briain

Seán Ó Muireagáin

Tá an dráma scríofa agus léirithe ag Seán Ó Muireagáin agus léirithe ag Edel Ní Churraoin le tacaíocht Raidió Fáilte. Taifeadadh an dráma i Raidió Fáilte, 30 Sráid Dubhaise, Béal Feirste.

Imeacht é seo de chuid Oíche Chultúir 2020 le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge. Buíochas le hEoghan Mac Giolla Bríde agus Éabhlóid as na híomhaí a sholáthar dúinn.