Tháinig fear 32 bliain d’aois os comhair cúirte i mBéal Feirste inné agus maidir le bás Seamus Conlon. Leagadh Seamus Conlon a bhí 70 bliain d’aois nuair a bhuail carr goidte é taobh amuigh de Reilg na Cathrach ar Bhóthar na Carraige Báine. Bhí an tUasal Conlon ag freastal ar thórramh ag an am. Gortaíodh beirt eile go dona san eachtra.

Cúisíodh Michael Loughran as roinnt choireanna, orthu sin bhí, freagracht as bás fir de bharr tiomána contúirtigh agus chomh maith leis sin tiomáint faoi thionchar alcóil agus drugaí. Dúirt bleachtaire go dtiocfadh leis an fear atá cúisithe a nascadh leis na coireanna.