Feidhmeannas nua ceaptha sa tuaisceart

Tá Feidhmeannas nua ceaptha le haghaidh an tionóil  i dtuaisceart na hÉireann i ndiaidh do na mórpháirtithe uilig sa tuaisceart tacú leis an chomhaontú nua New Decade, New Approch a d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann agus na Breataine ar an Déardaoin seo caite.

Níor shuigh an Tionól le trí bliana anuas i ndiaidh do Martin McGuinness (Sinn Féin), nach maireann, éirí as oifig mar LeasChéad-Aire i 2017 de dheasca scannal an RHI (Dreasacht Teasa In-Athnuaite) teacht chun solais. Ag an am bhí sciar de na páirtithe ag iarraidh go seasfadh an Chéad-Aire Arlene Foster siar go sealadach fad agus a bhí fiosrúcháin ar bun fána ról sa Dreasacht Teasa In-Athnuaite, dhiúltaigh sí seasamh siar agus d’éirigh an LeasChéad-Aire as oifig.

Éilimh ar son leasuithe

Sa tréimhse a lean, thosaigh codanna éagsúla den phobal sa tuaisceart ag cur lena n-éileamh ar son athleasuithe sa dlí ó thuaidh, an pobal aerach, grúpaí ar son rogha agus grúpaí Gaeilge ina measc. Bhí an chéad dá dream ag iarraidh go mbeadh pósadh comhghnéis agus ginmhilleadh dleathach sa tuaisceart agus bhí na grúpaí Gaeilge ag iarraidh go mbeadh Acht Gaeilge ann faoi mar a gealladh sa mhór-chomhaontú deireanach a socraíodh i 2006, Comhaontú Chill Rimhinn. Ba mhinic go raibh an trí dream seo le feiceáil le chéile ag agóidí.

An Bhreatimeacht

Bhí an DUP go daingin in éadan athruithe den chineál seo agus bhí páirtithe aontachtacha eile in éadan acht a bheith ann don Ghaeilge. Bhí na héilimh seo uilig á ndéanamh agus an rialtas Coiméadach mionlaigh i Westminister i ndiaidh comhaontú ‘muiníne agus soláthar’ a dhéanamh leis an DUP sa dóigh agus go dtiocfadh leo comhaontú Breachtimeachta a rith tríd an pharlaimint. Thit an comhaontú seo as a chéile nuair nach dtacódh an DUP leis na socruithe a bhí déanta ag Príomhaire na Breataine, maidir leis an aontas custaim, an cúlstad agus ceist na teorann in Éirinn agus nuair a thit rialtas Theresa May, d’éirigh le Boris Johnson a chomhaontú leis an Aontas Eorpach a fháil fríd an pharlaimint gan tacaíocht ón DUP.

Leasuithe ó Westminister

I mí Iúil 2019, cuireadh reachtaíocht fríd parlaimint Westminister chun pósadh comhghnéis agus ginmhilleadh a dhéanamh dleathach sna sé chontae dá mba rud é nach mbeadh tionól Stormont ag suí faoin 31 Deireadh Fómhair. Nuair nach raibh Stormont ar ais fán 31ú Deireadh Fómhair rinneadh socruithe i bParlaimint Westminister le go mbeadh pósadh comhghnéis agus ginmhilleadh dleathach sa tuaisceart. Agus ó inniu ar aghaidh (13 Eanáir 2020) beidh pósadh comhghnéis dleathach i dtuaisceart na hÉireann don chéad uair riamh.

Olltoghchán Nollaig 2019

I mí na Nollag 2019 reáchtáladh olltoghchán eile le haghaidh Westminister don tríú huair taobh istigh de thréimhse ceithre bliana. Bhí bua ollmhór ag na Coiméadaithe i Sasana, bua ag an SNP in Albain agus i dtuaisceart na hÉireann chaill an DUP dhá shuíochán le páirtithe náisiúnacha agus leis sin chaill an t-aontachas a móramh  don chéad uair ó bunaíodh an stát.

New Decade, New Approach

Bhí brú ar na mórpháirtithe comhaontú a shocrú le roinnt míonna anuas. Ar an Déardaoin 9 Eanáir d’fhoilsigh an dá rialtas dréacht de mhargadh idir na páirtithe éagsúla. Agus thar an deireadh seachtaine ghlac formhór na bpáirtithe leis an chomhaontú agus bhunaigh siad feidhmeannas. Maidir le cúrsaí Gaeilge rinneadh socruithe mar chuid den chomhaontú nua go mbeadh bille ar leith ann don Ghaeilge mar chuid de leasuithe ar Acht Thuaisceart Éireann. Mar chuid den bhille nua beidh Coimisinéir Gaeilge sa tuaisceart agus é/í freagrach don Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire. Cé nach Acht neamhspleách Gaeilge a bhí ann bhí go leor ann le Sinn Féin agus páirtithe leasmhara a shásamh.

An Feidhmeannas Nua i Stormont

Tá trí aireacht ag an DUP, dhá cheann ag Sinn Féin, ceann amháin ag an SDLP, ceann ag an UUP agus ceann ag an Alliance.

CéadAire agus LeasChéad-Aire – Arlene Foster, DUP agus Michelle O’Neill, Sinn Féin

Aire Eacnamaíochta – Diane Dodds, DUP

Aire Oideachais – Peter Weir, DUP

Aire Pobal – Deirdre Hargey, Sinn Féin

Aire Bonneagair – Nichola Mallon, SDLP

Aire Sláinte – Robin Swann, UUP

Aire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe, Edwin Poots, DUP

Aire Dlí agus Cirt, Naoimi Long, Alliance

Aire Airgeadais, Conor Murphy, Sinn Féin