Is mian linn Feighlí Foirgnimh a earcú ar bhonn páirtaimseartha le tosú an samhradh seo in Áras Raidió Fáilte ar Shráid Dhubhaise i mBéal Feirste.

Tá Raidió Fáilte ar lorg duine atá freagrach agus díograiseach le bheith ag obair mar Fheighlí Foirgnimh chun cuidiú linn aire a thabhairt don fhoirgneamh agus don spás taobh amuigh.

Teideal an phoist: Feighlí Foirgnimh (Páirtaimseartha)

Suíomh oibre: Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste, BT12 4AL

Tuarastal: £22,425 sa bhliain (pro rata).

Tús dáta: Meitheamh/Iúil 2023. Beidh tréimhse phromhaidh 6 mhí ann.

Laethanta oibre: 20.0 – 22.5 uair sa tseachtain. (Is féidir go mbeidh uaireanta oibre taobh amuigh de na gnáthuaireanta de dhíth ó am go chéile, de réir riachtanais na heagraíochta.) Tá an tsolúbthacht riachtanach i dtaca le huaireanta oibre nuair is gá.

Saoire: 28 lá sa bhliain agus laethanta poiblí (pro rata).

Ní glacfar le CV sa phróiseas earcaíochta seo. Chun tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil, déan teagmháil linn trí theachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig eolas@raidiofailte.com

Spriocdháta d’iarratais: 5:00in, Dé Céadaoin 17ú Bealtaine 2023.

Is le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a chuirtear an deis seo fostaíocht ar fáil.

Le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste