Bhí tús mhí Mheithimh linn agus bhí an ghrian ag bagairt teacht amach. Phacáil muid na carranna agus d’éalaigh muid chuig an cheantar Ghaeltachta is cóngaraí do Bhéal Feirste – Ráth Chairn! Achan bhliain, cuireann muintir na háite fáilte chroíúil roimh Ghaeil as achan chearn den tír (agus as na tíortha gaelacha eile!) chuig an cheantar le puball a chur in airde sa pháirc CLG áitiúil d’Fhéile na Gealaí.

Fuair Raidió Fáilte cuireadh le comhchraoladh a dhéanamh sa Típí lenár gcairde ó Raidió na Life, le tús a chur leis an fhéile go hoifigiúil, ar 15:00 ar an Aoine. Fán am sin, bhí atmaisféar deas bríomhar ar an láthair cheana féin. Bhí neart daoine fós ag leaindeáil, lán de bhrí is de dhóchas don deireadh seachtaine a bhí romhainn. Bhí tastáil fuaime le cluinstin ón ardán, blaiseadh meallacach den talún a bhí le teacht. Cé go raibh neart daoine fós ar an bhóthar, gafa sa trácht iarscoile, nó amuigh sa láthair champála ag streachailt le teanntáin is pionnaí pubaill, bhí scoth na n-aíonna againn ar an chlár.

Tháinig Edel Ní Churraoin, seanchara an stáisiúin agus duine d’eagraithe na féile, isteach ag tús an chláir le labhairt fá aistear na féile ó chóisir bheag le cairde go lá mór tábhachtach i bhféilire na nGael. Bhí beirt Gaelgals ar an ardán linn le labhairt fán phodchraoladh a bhí le déanamh acusan ar an ardán céanna ar an tSathairn. Tháinig Órnaith Ní Fhearghail agus Storm Eaton Kilgallen amach as an lucht féachana le léargas a thabhairt dúinn ar mheon an mhórphobail. Agus bhí caint agus ceol againn ó Mháire Ní Churraoin, ón Chéad Ghlúin Eile, agus Grooveline, a chuir deireadh spleodrach leis an chlár.

Sin uilig déanta, bhí muid saor le dul amach agus sult a bhaint as an spraoi gan stad sa pháirc (agus muid fós ag glacadh na gléasanna taifeadta amach ó am go chéile leis na ceisteanna crua a chur ar an tslua). Bhí scoth an cheoil ar siúl ar an ardán agus sa Típí ó dhubh go dubh. Ní féidir liom gach duine agus banna a lua anseo agus bheadh drogall orm cuid acu a ainmniú gan ómós ceart a léiriú d’achan duine acu, mar bhí an caighdeán chomh ard sin ón chéad ealaíontóir sa lá go dtí an ceoltóir deireanach san oíche ag club na Féile sa Bhradán Feasa. Ní amháin ceol a bhí againn, dár ndóigh, mar bhí greann, caint agus burlesque fiú le feiceáil. Deireadh seachtaine thar a bheith pléisiúrtha ó thús go deireadh. Agus ní bheadh aon chúis le himeacht mar seo gan é a dhéanamh leis an chomhluadar is cairdiúla agus is deise is féidir leat a aimsiú ar an tsaol seo – na Gaeil!