Spriocdháta: Luan 18ú Iúil 2022 roimh 5in.

Beidh an tOifigeach Forbartha Fiontar Sóisialta-Caife An Lon Dubh fostaithe ag Raidió Fáilte thar thréimhse trí bliana le Caife An Lon Dubh (is caife pobail/fiontar sóisialta é) a fhorbairt de leas chur chun cinn na Gaeilge agus chur chun cinn na seirbhíse fadbhunaithe raidió pobail, Raidió Fáilte. Beidh suim ar leith ag an duine a cheapfar sa Ghaeilge, i gcúrsaí forbairt pobail agus i bheith páirteach i seirbhís chaife d’ardchaighdeán a chur ar fáil i bhfoirgneamh nua- aimseartha Raidió Fáilte.

Tuarastal Túsphointe – £11.50 san uair – £22,425 sa bhliain
Cuirfear traenáil ar fáil
Uaireanta: 37.5 uair sa tseachtain
Tréimhse: Is post 3 bliana é seo (ag brath ar fheidhmiúchán sásúil an fhostaí sa tréimhse phromhaidh 6 mhí
Dáta Tosaithe: Lúnasa 2022

Tréithe Riachtanacha

  • Ardchaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa
  • Tuiscint ar earnáil na Gaeilge/an earnáil phobail
  • Suim ar leith ar a bheith ag plé le biachlár a fhorbairt
  • Suim ar a bheith ag obair san earnáil fháilteachais
  • Eolach ar Microsoft Office – Word, Excel, Outlook
  • Scileanna cumarsáide den chéad scoth – tuisceanach agus ábalta plé le daoine go proifisiúnta
  • Ábalta obair a eagrú agus a dhéanamh in ord tosaíochta le haird ar mhionsonraí
  • Sásta bheith ag obair go héifeachtach mar bhall foirne, agus as a stuaim féin
  • Sásta freastal ar sheisiúin traenála eagraithe ag Rank Foundation – ar mhaithe le scileanna oibre a fhorbairt agus ar mhaithe le leas a bhaint as piarthacaíocht

Chun cur isteach ar an deis iontach seo fostaíochta, seol do CV isteach chuig Máire ar oifig@raidiofailte.com

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir le sonraí an phoist, bí i dteagmháil linn.

Spriocdháta Iarratais: 17.00in Dé Luain 18ú Iúil 2022

Tá an ról seo maoinithe ag An Roinn Pobal agus á riar ag an Rank Foundation