Folúntas Poist

Cúntóir Riaracháin/Airgeadais

Is stáisiún raidió pobail Gaeilge é Raidió Fáilte atá ag craoladh ar 107.1fm i mBéal Feirste agus ar fud an domhain ar www.raidiofailte.com

Tá sé mar phríomhaidhm ag Raidió Fáilte an Ghaeilge a chur chun cinn trí mheán na craoltóireachta raidió.

Tá duine le taithí ar a bheith ag plé le cúrsaí riaracháin/airgeadais (go hidéalach in earnáil na Gaeilge) de dhíth ar Raidió Fáilte – duine atá eagraithe le hardscileanna réitigh fadhbanna aige/aici.

Duine freagrach muiníneach ar féidir leis/léi oibriú as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann atá uainn.

Cuirfear oiliúint ar fáil ag an obair don duine a cheapfar.

Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil ó:

Máire Nic Fhionnachtaigh, Bainisteoir Airgeadais/Riaracháin  oifig@raidiofailte.com

 

(Tabhair faoi deara, le do thoil, nach nglacfar le CV sa phróiseas earcaíochta seo.)

 

Tuarastal:        £22,519 – £23,955 stg sa bhliain (post bliana/síneadh ag brath ar mhaoiniú)

37.5 uair sa tseachtain (lánaimseartha)

 

Spriocdháta le haghaidh iarratais: 17.00 Aoine 19 Samhain 2021

Is fostóir comhdheise é Raidió Fáilte

 

 

Tá Raidió Failte maoinithe ag: