Dáta: Satharn 11ú Márta

Am: Doirse ar oscailt óna 18:30. Na Seansálaithe: 19:00-20:00. GaelGáirí: 20:00-21:30

Áit: An Lonnán, Staisiún Raidió Fáilte

Saorchead isteach!

Déanfaidh na Seansálaithe eagrán den phodchraoladh s’acu a chur i láthair os comhair lucht féachana den chéad uair riamh, in An Lonnán, Staisiún Raidió Fáilte.  Pléifear gach rud idir cúrsaí reatha, na claontaí is déanaí ar na meáin shóisialta, stalcairí, cúrsaí grá, iar-pháirtnéirí agus faoistiní ar eachtraí ó fhéiltí agus oícheanta amuigh. Is cinnte go sáróidh an comhrá seo rialacha Ofcom maidir le craoladh beo, mar sin de, bí ann nó caill amach!

Caol díreach i ndiaidh do na Seansálaithe an podchraoladh s’acu a dhéanamh, cuirfidh Hugh Carr tús leis an oíche fuirseoireachta Ghaeilge nuair a bheas seisear de na fuirseoirí is greannmhaire de chuid GaelGáirí i mbun an chuir s’acu. In éineacht le Hugh Carr, beidh Eoin P. Ó Murchú, Aideen McQueen, Louisa Ní Éideáin, Donagh Ó Ruadháin agus Kevin Johnston.  Beidh saorchead isteach ann – caithfear clárú don imeacht seo ar EventBrite. Tabhair leat do bhuidéil féin. Táille Chorcáiste.

 Is é seo an chéad uair riamh don phodchraoladh de chuid Na Seansálaithe a bheith taifeadta beo os comhair lucht féachana. Tá clú agus cáil ar an triúr Gaeilgeoirí óga seo, Áine Mhaoir, Hugh Mac Giolla Cheara agus James Ó Flathartha agus as na podchraoltaí YouTube s’acu ina mbíonn siad ag plé cúrsaí an tsaoil tri mheán na Gaeilge. Is cinnte gur dóigh nuálach í seo leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a bhíonn go mór ag mealladh Gaeilgeoirí líofa agus foghlaimeoirí i dtreo imeachtaí teanga-bhunaithe.

Tá clú agus cáil ar na GaelGáirí i saol na Gaeilge agus is mó an tarraingt atá orthu anois le cuirí chuig féilte móra ar nós An Puball Gaeilge ag an Phicnic Leictreach i Meán Fómhair 2022. 

Is deis iontach í seo do Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste tráthnóna a chaitheamh i gcuideachta chuid den tallann is greannmhaire i saol na fuirseoireachta Gaelaí.

Tá Raidió Fáilte ag cur an dá imeacht seo ar fáil don phobal saor in aisce le deis a thabhairt do Ghaelphobal na Cathrach a bheith páirteach in imeacht sóisialta, pléisiúrtha, inacmhainneach sa Cheathrú Ghaeltachta.

Cláraigh anseo: Podchraoladh Beo leis na Seansálaithe Tickets, Sat 11 Mar 2023 at 19:00 | Eventbrite