Craol Linn

Ar mhaith leat do chlár féin a bheith agat ar Raidió Fáilte? Cuirimid fáilte roimh chraoltóirí deonacha nua ar Raidió Fáilte. Bí i dteagmháil linn ANSEO má bhíonn spéis agat bheith mar chraoltóir ar Raidió Fáilte 107.1FM. Tá muid anois ag earcú craoltóirí deonacha le haghaidh clár ceoil, clár spóirt, clár cúrsaí reatha agus nuacht, clár faisnéise agus an t-iliomad cineál clár eile. Cuirimid oiliúint ar fáil d’ábhar craoltóirí ar bhun rialta trínár gcuid cúrsaí a bhíonn ar siúl tríd an bhliain. Le páirt a ghlacadh i gceann ar bith dár gcúrsaí traenála is féidir leat iarratais a dhéanamh ANSEO.

Iriseoir Sráide

Ar mhaith leat bheith páirteach mar thuairisceoir sna cláir nuachta, chúrsaí reatha agus spóirt ar Raidió Fáilte? Bí i dteagmháil linn ANSEO chun do shuim a léiriú bheith páirteach.

Déan Taithí Oibre Linn

Tá clár cuimsitheach taithí oibre curtha le chéile ag foireann Raidió Fáilte do dhaoine fásta agus daoine thar 16 bliana d’aois  ar mhaith leo taithí oibre a dhéanamh in atmaisféar lán-Ghaeilge agus foghlaim faoi chúrsaí craoltóireachta, sceidealú agus eagarthóireacht raidió ag an am céanna. Déan teagmháil linn ANSEO.

Ceannaigh Fógra Uainn

An bhfuil gnó nó imeacht nó earra nua le margaíocht a dhéanamh air? Cén bealach is fearr ach le fógra ó Raidió Fáilte. Tá pacáistí fógraíochta againn do gach cineál gnó bíodh sé beag, mór nó meánach. Bí i dteagmháil linn INNIU chun an pacáiste is fearr a oireann duit agus do do ghnó.

Éist Linn

Tá Raidió Fáilte ag soláthar seirbhís uathúil raidió nach bhfuil a leithéid chéanna le fáil áit ar bith eile i dTuaisceart Éireann. Bíonn muid ag craoladh i nGaeilge 24/7 ónár gceannáras Áras Raidió Fáilte ar 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste. Is féidir éisteacht linn beo ar 107.1FM i mórcheantar Bhéal Feirste nó tríd an tSeinnteioir Raidió atá ar fáil ar www.raidiofailte.com

Soláthraíonn muid réimse leathan d’ábhar éisteachta i bhfoirm podchraoltaí ar an tsuíomh seo fosta – idir agallaimh, cláir cheoil, agus ranganna Gaeilge sa Bhéarla, sa Spáinnis, sa Fhraincis agus sa Pholainnis. Tá fáil ar ár bpodchraoltaí ANSEO.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Raidió Fáilte ach an fhoirm thíos a líonadh. Cuireann muid fáilte roimh aiseolas faoinár gcláir, nó iarratais ar cheol nó fógraí agus araile.

Cuir ar an eolas muid faoin ábhar ar a bhfuil tú ag scríobh chugainn chomh maith le do shonraí teagmhála féin. Ní roinnfidh Raidió Fáilte do chuid eolais le dream ar bith lasmuigh den eagraíocht.

Teagmháil
Consent *