Giotáraí méarstíle is ea Neil Ó Briain a bhfuil cion ollmhór aige ar cheol traidisiúnta na hÉireann agus, go háirithe, seancheol cláirsí. Ach an n-éireoidh leis dul siar sna lámhscríbhinní ársa cláirsí, teacht ar phíosa speisialta, agus leagan úrnua a dhéanamh de ar an ngiotár? Sin a dhúshlán agus beidh air comhairle a fháil ó thaighdeoirí agus ó shain-cheoltóirí le cuidiú leis agus é ar a aistear ceoil.