Tá Raidió Fáilte ag tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin i láthair na huaire leis an chomhlacht chomhairliúcháin PLM Consulting.

Iarraimid ar lucht éisteachta Raidió Fáilte ar fad bheith páirteach sa tsuirbhé seo a chuideoidh linn plean straitéiseach cuimsitheach a chur le chéile chun todhchaí an staisiúin a mhúnlú agus a chinntiú.

Spriocdháta/Deadline 12 Márta/March 2021

Is féidir teacht ar an nasc chuig an tsuirbhé seo ANSEO agus ar na cuntais mheáin sóisialta dár gcuid.

Iarrtar ar gach freagróir an suirbhé comhlíonta s’acu a sheoladh ar ais chuig na héascaitheoirí PLM Consulting roimh Aoine an 12ú Márta. Ceangail do shuirbhé le do ríomhphost agus cuir ar ais é chuig

plm.con@ntlworld.com

Tá an tionscadal seo maoinithe ag Roinn an Phobail ó thuaidh faoi stiúir Chonradh na Gaeilge, tríd an Scéim Fhaoisimh agus Athlainseála.