Ar Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 1972, d’eisigh Horslips a gcéad singil, ‘JOHNNY’S WEDDING’, agus seanrá an roc-cheoil cheiltigh cruthaithe acu le splanc. Caoga bliain ina dhiaidh sin, eiseofar More than You Can Chew ag deireadh mhí Iúil, bailiúchán cuimsitheach le breis is cúig céad rian fuaime ann.

Bí liomsa Neil Ó Briain agus mé i mbun comhrá le Jim Lockhart, duine de bhunaitheoirí Horslips, agus é ina bhall den bhanna ó shin i leith. Gheobhaimid amach fén mbailiúchán nua seo, fé phróiseas cumadóireachta an bhanna, conas a chéadtháinig an banna le chéile le haghaidh fógra beorach, an tábhacht a bhain le ceolchoirmeacha a dhéanamh ó thuaidh i rith na dtrioblóidí, agus go leor leor eile ar an gclár seo – Horslips @ 50.